Ceanglais Limisín

Sracfhéachaint ar limisíní
Stíl agus Oiriúnacht Déan cinnte de go bhfuil an fheithicil ar áireamh sa Liosta Treorach maidir le Feithiclí Limisín a Roghnú ar an leathanach Foirmeacha agus Treoracha le haghaidh dhéanamh agus mhúnla na bhfeithiclí, agus le haghaidh na gcineálacha ginearálta feithicle, a nglactar leo de ghnáth. Mar shampla, ní ghlactar le feithiclí a thiontaítear óna veaineanna agus glactar leis an gcuid is mó de charranna stairiúla nó clasaiceacha.
Doirse Seiceáil feithiclí sínte go cúramach: ní mór doras amháin ar a laghad a bheith ann isteach sa láthair shuí taobh thiar de ró an tiománaí/an phaisinéara tosaigh.
Feithiclí modhnaithe Is gnách go n-áirítear leo sin gach feithicil shínte agus gach carr macasamhla/réidh le cóimeáil a úsáidtear go coitianta sa tionscal bainise. Éilítear an Tuarascáil Bhunúsach ón Measúnóir Teicniúil. Ní mór gach Tuarascáil ón Measúnóir Teicniúil a bheith níos lú ná 60 lá d’aois.
Aois Níl aon srianta aoise i bhfeidhm maidir le limisíní faoi láthair.

Samplaí de stíleanna atá oiriúnach do cheadúnú:

Ceanglais:

Níl aon teorainneacha aoise i bhfeidhm maidir le feithiclí atá bainteach le ceadúnais limisín agus níl siad faoi réir na gceanglas céanna ‘gloine trédhearcaí’ a bhfuil beagfheithiclí seirbhíse poiblí eile faoina réir. Mar sin féin, ceanglaítear leis an reachtaíocht ghinearálta um thrácht ar bhóithre gur trédhearcach atá an gaothscáth tosaigh agus fuinneoga an taoibh thosaigh.

Méid na Feithicle

Cé nach bhfuil aon teorainneacha i bhfeidhm maidir le méid inmheánach limisíní, ní mór an fheithicil a bheith ina feithicil paisinéirí, atá oiriúnach go follasach de bharr a stíle agus na baile atá uirthi dá fruiliú le haghaidh ócáidí searmanais, chun críocha corparáideacha nó chun críocha gradaim eile.

Ní mór nach mó ná 3,500 cileagram ollmheáchan ceaptha na feithicle. Féach bosca “F1” sa Deimhniú Clárúcháin Feithicle.

Modhnuithe

I gcás gurb amhlaidh gur modhnaíodh an fheithicil óna sonraíocht bhunaidh (mar shampla, feithicil shínte nó carr réidh le cóimeáil), ní mór duit Tuarascáil Bhunúsach ón Measúnóir Teicniúil a fháil le haghaidh na feithicle sula gceadúnófar í den chéad uair agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin. Ní mór í a bheith dátaithe tráth nach luaithe ná 60 lá roimh an gCigireacht ar Oiriúnacht Tosaigh nó ar Athnuachan Ceadúnais. Tá an teimpléad don tuarascáil sin ar fáil ón Údarás Náisiúnta Iompair. Ní mór an teimpléad sin a úsáid.