Cad is Foirm Thurais ann (ar a dtugtaí Billí Iompair roimhe seo)?

Amhail an 4 Nollaig 2011, is le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 a rialaítear an t-iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus.

Tá sé sin ag brath ar sheilbh cheadúnais Comhphobail. Aon oibritheoir iompair paisinéirí de bhóthar a bhfuil ceadúnas Comhphobail bailí aige arna eisiúint ag an mBallstát bunaíochta, tá saor-rochtain aige ar mhargadh idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh ina iomláine maidir le hiompar de bhóthar.

Is í an Roinn Iompair a eisíonn na ceadúnais sin i bPoblacht na hÉireann. Féach www.rtol.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Ceanglaítear ar iompróirí cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail a iompar ar bhord na bhfeithiclí go léir dá gcuid. Is é an aidhm atá leis sin rialuithe éifeachtacha ag údaráis forfheidhmiúcháin a éascú, go háirithe iadsan lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil an t-iompróir bunaithe.

Sainmhínítear sa Rialachán na cineálacha difriúla seirbhísí cóiste agus bus, agus sainítear ann na ceanglais nach mór dóibh a chomhlíonadh chun an margadh a rochtain.

Teastaíonn Foirmeacha Turais le haghaidh na gcineálacha seirbhísí seo a leanas:

Tabhair faoi deara nach mór duit ceadúnas Comhphobail bailí a bheith agat chun leabhar Foirmeacha Turais a iarraidh.

Seirbhísí Rialta Speisialta
  • Sampla: oibrithe nó leanaí scoile a iompar
  • Ní theastóidh údarú náisiúnta uathu, i gcás go gclúdófar iad le conradh idir an t-eagraí agus an t-oibritheoir iompair
  • Ní theastóidh ó na seirbhísí sin ach Foirm Thurais (ar a dtugtaí Billí Iompair roimhe seo)
  • Tá foirmeacha turais ar fáil ón Údarás Náisiúnta Iompair
  • Féach thíos le haghaidh tuilleadh sonraí
Seirbhísí Ócáideacha
  • Sampla: grúpa daoine óga a iompar chuig ceolchoirm i mBallstát eile, nó turas turasóireachta aonuaire
  • Ní theastóidh uathu ach Foirm Thurais
  • Tá Foirmeacha Turais ar fáil ón Údarás Náisiúnta Iompair
  • Féach thíos le haghaidh tuilleadh sonraí
Leabhar Foirmeacha Turais (ar a dtugtaí Billí Iompair roimhe seo) a Iarraidh
  • Is féidir leabhair Foirmeacha Iompair a fháil ón Údarás Náisiúnta Iompair
  • Tá 25 Fhoirm Thurais ann i ngach leabhar
  • Is í €31.74 an táille atá ar gach leabhar Foirmeacha Turais
  • Ní mór fótachóip de do Cheadúnas Comhphobail Eorpaigh bailí reatha a bheith ag gabháil le gach iarraidh
  • Ní mór íocaíocht a dhéanamh trí sheic is iníoctha leis an Údarás Náisiúnta Iompair nó trí ríomhaistriú airgid (RAA)
  • Seolfar an leabhar Foirmeacha Turais chugat ansin le casadh an phoist chuig an seoladh atá ar do Cheadúnas Comhphobail Eorpaigh. Más mian leat go seolfaí é chuig seoladh difriúil, cuir na sonraí sin ar áireamh san iarraidh uait

De rogha air sin, is féidir leat teacht isteach go pearsanta in oifigí an Údaráis Náisiúnta Iompair (trí choinne amháin).

A luaithe is a fhaightear cóip den Cheadúnas Comhphobail agus an táille, soláthrófar an leabhar Foirmeacha Turais duit.

Seoladh Poist don Údarás Náisiúnta Iompair:

An tÚdarás Náisiúnta Iompair
An Rannóg um Rialáil Iompair Phoiblí
Dún Scéine
Cúirt Uíbh Eachach
Lána Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 WT20

Is mar a leanas atá na sonraí a theastaíonn le haghaidh íocaíocht a dhéanamh trí RAA: 

Ainm an Chuntais: An tÚdarás Náisiúnta Iompair – Ioncam Ceadúnú Bus
Uimh. Chuntais: 22535803
Cód Sórtála: 93-10-12
IBAN: IE24 AIBK 9310 1222 5358 03
Cód Swift: AIB KIE 2D

Nuair atá íocaíochtaí RAA á ndéanamh acu leis an gcuntas bainc Ceadúnú Bus de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair, ní mór d’iarratasóirí a n-ainm nó tagairt in-sainaitheanta a lua agus an tagairt sin a sheoladh le ríomhphost chuig buslicensing@nationaltransport.ie

A luaithe a fhíoraítear an t-aistriú airgid, seolfar na leabhair Foirmeacha Turais le casadh an phoist.

Tabhair na nithe seo a leanas faoi deara maidir le Foirmeacha Turais:

  • Ní ceadmhach Foirmeacha Turais a aistriú
  • Ní mór Foirmeacha Turais a chomhlánú i ndúblach sula dtosófar gach seirbhís
  • Ní mór an bharrchóip den Fhoirm Thurais paisinéirí a choinneáil ar an bhfeithicil ar fud an turais agus ní mór í a thaispeáint arna iarraidh sin ag aon oifigeach cigireachta údaraithe
  • Ní mór an chóip eile de gach Foirm Thurais paisinéirí a choinneáil i gceanncheathrú na cuideachta
  • Ba cheart an bharrchóip den Fhoirm Thurais a sheoladh ar ais chuig an Údarás Náisiúnta Iompair laistigh de 30 lá ó chur i gcrích an turais lena mbaineann sí