Taisteal Idirnáisiúnta

Amhail an 4 Nollaig 2011, is le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 a rialaítear an t-iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus.

Tá sé sin ag brath ar sheilbh cheadúnais Comhphobail. Aon oibritheoir iompair paisinéirí de bhóthar a bhfuil ceadúnas Comhphobail bailí aige arna eisiúint ag an mBallstát bunaíochta, tá saor-rochtain aige ar mhargadh idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh ina iomláine maidir le hiompar de bhóthar.

Is í an Roinn Iompair a eisíonn na ceadúnais sin i bPoblacht na hÉireann. Féach www.rtol.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Ceanglaítear ar iompróirí cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail a iompar ar bhord na bhfeithiclí go léir dá gcuid. Is é an aidhm atá leis sin rialuithe éifeachtacha ag údaráis forfheidhmiúcháin a éascú, go háirithe iadsan lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil an t-iompróir bunaithe.

Sainmhínítear sa Rialachán na cineálacha difriúla seirbhísí cóiste agus bus, agus sainítear ann na ceanglais nach mór dóibh a chomhlíonadh chun an margadh a rochtain.

Seirbhísí Rialta
  • Teastóidh údarú náisiúnta arna eisiúint ag údarás inniúil uathu.
  • Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair a eisíonn údaruithe. Má thrasnaíonn do sheirbhís teorainn mar chuid de sheirbhís sceidealaithe, is féidir go dteastóidh Údarú Idirnáisiúnta uait.
  • Mura bhfuil tú cinnte faoi cé acu a theastaíonn Údarú Idirnáisiúnta ó do sheirbhís nó nach dteastaíonn, déan teagmháil leis an Údarás.
  • Féach thíos le haghaidh tuilleadh sonraí faoi conas is féidir iarratas ar Údarú Idirnáisiúnta a chomhlánú.
Seirbhísí Rialta Speisialta
  • Sampla: oibrithe nó leanaí scoile a iompar.
  • Ní theastóidh údarú náisiúnta uathu, i gcás go gclúdófar iad le conradh idir an t-eagraí agus an t-oibritheoir iompair.
  • Ní theastóidh ó na seirbhísí sin ach Foirm Thurais (ar a dtugtaí Billí Iompair roimhe seo).
  • Tá foirmeacha turais ar fáil ón Údarás Náisiúnta Iompair.
  • Féach Cad is Foirm Thurais ann le haghaidh tuilleadh sonraí.
Seirbhísí Ócáideacha
  • Sampla: grúpa daoine óga a iompar chuig ceolchoirm i mBallstát eile, nó turas turasóireachta aonuaire
  • Ní theastóidh uathu ach Foirm Thurais.
  • Tá Foirmeacha Turais ar fáil ón Údarás Náisiúnta Iompair.
  • Féach Cad is Foirm Thurais ann le haghaidh tuilleadh sonraí.
Iompar Féinchuntais agus na hÚdaruithe agus na Rialacha Gaolmhara
  • Tá siad díolmhaithe ón gcóras údarúcháin.
  • Teastaíonn uathu deimhniú arna eisiúint ag an mBallstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe.
  • Is í an Roinn Iompair a eisíonn na deimhnithe sin i bPoblacht na hÉireann.
Iarratas a Dhéanamh ar Údarú Idirnáisiúnta

Tabhair faoi deara nach mór gach iarratas ar Údarú a chur ar aghaidh chuig na dlínsí uile eile le haghaidh ceadú.

Chun iarratas iomlán bailí a dhéanamh ar Údarú, ní mór duit na nithe seo a leanas a sholáthar:

  • Foirm iarratais chomhlánaithe, agus í sínithe agus dátaithe
  • Na táillí cuí
  • Amchlár
  • Uainchlár tiománaithe
  • Struchtúr táillí, tabhair faoi deara nach mór táillí a leagan amach in Euro agus in airgeadra na dtíortha uile eile
  • Cóip de Cheadúnas Comhphobail Bailí
  • Cóip de Dheimhniú Imréitigh Cánach Bailí
  • Léarscáil iomlán den bhealach atá beartaithe, agus gach stad aonair á léiriú go soiléir sna léarscáileanna

Má áirítear glacadh agus tuirlingt paisinéirí i bPoblacht na hÉireann amháin leis an Údarú atá beartaithe, is féidir go dteastóidh Ceadúnas Náisiúnta chomh maith leis an Údarú.

Táillí ar iarratas nua:

  • €35.55 (le cur isteach i dteannta iarratas nua)

Táillí amuigh a éilítear le haghaidh Údarú a eisiúint (i.e. nach bhfuil ag céim an iarratais):

  • €10.16 – deonú an Údaraithe
  • €16.51 in aghaidh na bliana bailíochta (cúig bliana ar a mhéad – €82.55)
  • €2.54 in aghaidh gach Cóipe Dílse Deimhnithe a theastaíonn. Ní mór Cóip Dhílis Dheimhnithe a iompar ar bhord gach feithicle

Tabhair faoi deara nach mór gach iarratas ar Údarú a chur ar aghaidh chuig na dlínsí uile eile le haghaidh ceadú.

Iarratas a dhéanamh ar athrú ar Údarú Idirnáisiúnta

Chun iarratas iomlán bailí a dhéanamh ar Údarú, ní mór duit na nithe seo a leanas a sholáthar:

  • Foirm iarratais chomhlánaithe, agus í sínithe agus dátaithe.
  • Na táillí cuí (féach an struchtúr táillí thíos).
  • Uainchlár tiománaithe.
  • Struchtúr táillí – ní mór táillí a leagan amach in Euro agus in airgeadra na dtíortha uile eile.
  • Cóip de Cheadúnas Comhphobail Bailí.
  • Cóip de Dheimhniú Imréitigh Cánach Bailí.
  • Amchlár.
  • Léarscáil iomlán den bhealach atá beartaithe (má bheartaítear athrú).
  • Léarscáileanna ina léirítear gach stad aonair (má bheartaítear athrú).

Má áirítear glacadh agus tuirlingt paisinéirí i bPoblacht na hÉireann amháin leis an Údarú atá beartaithe agat, is féidir go dteastóidh Ceadúnas Náisiúnta chomh maith leis an Údarú.

Táillí ar Iarratas ar Athrú ar Údarú (Leasú ar Údarú):

  • Táille iarratais €16.51 – le cur isteach i dteannta an iarratais ar athrú.
  • €2.54 in aghaidh gach Cóipe Dílse Deimhnithe a theastaíonn – ní mór Cóip Dhílis Dheimhnithe a iompar ar bhord gach feithicle (nach bhfuil le híoc ach amháin tar éis an t-athrú a cheadú, i.e. níl an táille le híoc ag céim an iarratais).