Eolas faoi Walktober
Is dúshlán spraíúil foirne é an Dúshlán Céimeanna ‘Walktober’ a bheidh ar siúl ó Dé Luain, an 5 Deireadh Fómhair go dtí Dé Sathairn, an 31 Deireadh Fómhair i mbliana. Tá sé oscailte do bhaill foirne agus do mhic léinn in áiteanna oibre agus i gcampais tríú leibhéil ar comhpháirtithe iad den Chlár Taisteal Níos Cliste. Chun seiceáil an Comhpháirtí Cláir í d’eagraíocht féin, cliceáil anseo.
Beidh clárú do Walktober 2026 ar fáil ón Déardaoin, an 27 Lúnasa!
Eagraíochtaí Rannpháirteacha
Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil d’eagraíocht féin cláraithe chun páirt a ghlacadh i Walktober 2026, is féidir leat liosta na n-eagraíochtaí cláraithe a fháil thíos. Chomh luath is atá d’eagraíocht cláraithe do Walktober, is féidir le baill foirne agus mic léinn foirne ina bhfuil idir triúir agus seisear a chruthú. Más comhpháirtí í d’eagraíocht den chlár Taisteal Níos Cliste ach níl sí ar an liosta thíos, iarr ar do Chomhordaitheoir Taistil Níos Cliste ríomhphost a sheoladh chuig stepchallenge@nationaltransport.ie.
AECOM
Dún Laoghaire Rathdown County Council
NTMA
AirNav Ireland
eBay Ireland
Offaly County Council
An Coimisiún Pleanála
Economic and Social Research Institute
Office of Public Works
An Garda Síochána
Edwards Lifesciences
Office of the Attorney General
Analog Devices
EirGrid plc
Office of the Planning Regulator
Arthur Cox LLP
Eli Lilly
Our Lady’s Hospice and Care Services
Arup
Embecta
Portiuncula University Hospital
Asiera
Environmental Protection Agency
Pre-Hospital Emergency Care Council
AtkinsRealis
ESB
Quality and Qualifications Ireland
Atlantic Aviation Group
EY
Rabobank Dublin
Bauer Media Outdoor
Fingal County Council
RDJ LLP
Biomarin International Ltd.
Fiosrú
Residential Tenancies Board
Blackrock Health – Galway & Hermitage Clinic
Galway City Council
Revenue Commissioners
Boston Scientific Galway
Galway University Hospitals
Roscommon County Council
Brady Shipman Martin
Gilead Sciences Ireland UC
Roughan & O’Donovan
Breedon Cement
Health Products Regulatory Authority
Royal Irish Academy
Business in the Community Ireland
Henry J Lyons
Royal Victoria Eye & Ear Hospital
Cavan County Council
Houses of the Oireachtas
RTÉ
Central Bank of Ireland
HSE Midwest
SEAI
Children’s Health Ireland
IBM
Shannon Technical Services
CIE
Irish Blood Transfusion Service
Sligo University Hospital
Civic Offices Carrickmacross
Irish Film Classification Office
South Dublin County Council
Clare County Council
J&J MedTech / DePuy Synthes
Southern Regional Assembly
Clearstream Fund Centre S.A., Cork Branch
Jacobs
Sport Ireland Campus
Clifton Scannell Emerson Associates
Johnson & Johnson Innovative Medicine
St. James’s Hospital
Clúid Housing
KBC
St. Vincent’s University Hospital
Coimisiún na Meán
Kildare County Council
SuperNode
Competition and Consumer Protection Commission
Kilkenny County Council
SYSTRA Ltd
Cork City Council
Land Development Agency
Tallaght University Hospital
Cork County Council
Leopardstown Park Hospital
TE Connectivity
Cork University Hospital
Lilly GBS
Tetra Tech
Cornmarket
Limerick City and County Council
The Convention Centre Dublin
DBFL Consulting Engineering
Linesight
The Probation Service
Deloitte
Marine Institute
TII – MetroLink
Department of Agriculture, Food & the Marine
MACE Ireland
Toast
Department of Children, Disability and Equality
Mayo County Council
Transport Infrastructure Ireland (TII)
Department of Culture, Communication and Sport
Mayo University Hospital
Triangle Technology Services Ltd.
Department of Enterprise, Tourism and Employment
Meath County Council
Tuath Housing
Department of Finance
Met Éireann
University Hospital Limerick
Department of Foreign Affairs
National Council for Special Education
University Hospital Waterford
Department of Housing, Local Government and Heritage
National Maternity Hospital
Westmeath County Council
Department of Justice, Home Affairs & Migration
National Orthopaedic Hospital Cappagh
Wexford County Council
Department of Public Expenditure, Infrastructure, Public Service Reform and Digitalisation
National Rehabilitation Hospital
Wicklow County Council
Department of Social Protection
National Transport Authority
Yahoo
Department of Transport
ATU Galway – Mayo
Mary Immaculate College – Thurles
ATU Sligo
Maynooth University
Dublin Business School
MTU Cork Campus
Dublin City University
South Eastern Technological University
FET College Cork
Technological University of the Shannon
FET College Mulgrave Street
Trinity College Dublin
FET College Rathmines
TU Dublin
IADT Dun Laoghaire
University College Cork
Marino Institute of Education
University of Limerick
Mary Immaculate College – Limerick
Ag Tosú
Tá sé tapa agus éasca d’fhoireann Walktober a chur ar bun. Níl le déanamh ach na céimeanna simplí thíos a leanúint chun tosú. Chomh luath is atá d’fhoireann cláraithe, beidh tú in ann do choiscéimeanna a rianú, díocas a ghríosú agus sult a bhaint as an dúshlán le chéile.
Conas Foireann a Chur ar Bun
• Ar dtús, roghnaigh ainm foirne agus ainmnigh Captaen Foirne. Beidh na nithe seo a leanas ag teastáil ó gach rannpháirtí::
-
- seoladh ríomhphoist atá i bhfeidhm agus
- cuntas cláraithe deimhnithe Active Travel Logger account.
Do Chaptaen Foirne is ea a bheidh ina phríomhtheagmhálaí agus a chuirfidh an fhoireann an bun ar shuíomh gréasáin Active Travel Logger.
An Active Travel Logger a Úsáid
Físeáin Teagaisc Úsáideacha do Rannpháirtithe
Leis na físeáin teagaisc ghairide seo, treorófar thú trí na bunchéimeanna agus cuideofar leat tosú go tapa. Clúdaítear leo gach rud atá ag teastáil uait chun Active Travel Logger a úsáid go muiníneach:
- Conas foireann a chruthú
- Conas dul i bpáirt le foireann
- Conas do choiscéimeanna a logáil le Active Travel Logger
Físeáin Teagaisc Úsáideacha don Chaptaen Foirne
Más Captaen Foirne thú, cabhróidh na físeáin teagaisc ghairide seo leat d’fhoireann a bhainistiú. Tabharfar thú trí na príomhchúraimí a bheidh ort a chomhlíonadh, ó chuirí a thabhairt do bhaill foirne go coiscéimeanna a logáil ar son na foirne.
- Conas cuireadh a thabhairt do bhaill foirne trí Active Travel Logger a úsáid
- Conas coiscéimeanna a logáil ar son Bhaill na Foirne
Físeáin Teagaisc Úsáideacha do Chomhordaitheoirí Eagraíochta
Má tá tú ag comhordú Walktober laistigh de d’eagraíocht, cabhróidh na físeáin teagaisc ghairide seo leat gach rud a bhainistiú go héasca. Tabharfar tríd an eolas ar fad thú, conas breathnú ar na foirne uile atá rannpháirteach, conas sonraí foirne a choinneáil cothrom le dáta agus conas tacú le rannpháirtithe ar feadh an dúshláin. Leis na físeáin seo, tá sé éasca maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht, fadhbanna a réiteach agus a chinntiú go mbainfidh d’eagraíocht an tairbhe is mó as Walktober.
- Conas breathnú ar fhoirne d’eagraíochta atá ag glacadh páirte i ndúshlán
- Conas eagarthóireacht a dhéanamh ar ainmneacha foirne, foirne a scriosadh agus cuirí a thabhairt do bhaill nua foirne
Eolas Ríthábhachtach
- Chun bheith ar taispeáint ar Chlár na gCinnirí, caithfidh tú do choiscéimeanna a logáil faoin spriocdháta ag 2pm gach Luan. Má chailleann tú lá, is féidir leat riaráiste coiscéimeanna suas le hocht lá a logáil le linn an dúshláin.
- Má tá tú ag iarraidh ainm d’fhoirne a athrú nó rannpháirtithe a chur leis an bhfoireann nó a bhaint di, déan teagmháil le Comhordaitheoir d’eagraíochta.
An bhfuil cabhair uait?
Le haghaidh treoir iomlán ar an gcaoi le tosú, lena n-áirítear an chaoi le foireann a chruthú, coiscéimeanna a logáil, foireann a scriosadh agus go leor leor eile, tabhair cuairt ar na codanna Treoir do Rannpháirtithe agus Ceisteanna Coitianta.
Is féidir leat teacht ar an dá chuid trí chliceáil ar an gceanntásc ábhartha ar bharr an leathanaigh seo. Sa Treoir do Rannpháirtithe, clúdaítear gach eolas atá ag teastáil uait faoi Walktober, agus sna Ceisteanna Coitianta, freagraítear na ceisteanna is coitianta a bhíonn ag rannpháirtithe agus comhordaitheoirí.
Mar gheall ar an méid mór ceisteanna a fhaightear le linn an dúshláin, molaimid go ndéantar na hacmhainní atá ar fáil ar an leathanach sin a sheiceáil ar dtús, mar is dóigh go bhfreagrófar do cheist ansin.
Fan i dTeagmháil le linn an Dúshláin
Déanfaidh Comhordaitheoir inmheánach d’eagraíochta, i gcomhar le Comhordaitheoirí náisiúnta ag ÚNI, tú a choinneáil ar an eolas le linn an dúshláin chun an t-eolas is déanaí a thabhairt duit maidir leis na nithe seo a leanas:
- Comórtais
- Duaiseanna
- Cláir na gCinnirí
- Fógraí tábhachtacha
Coinnigh súil ar ríomhphoist le linn an dúshláin ionas nach gcaillfidh tú an t-eolas is déanaí.
Chomh maith leis sin, is féidir leat muid a leanúint ar na meáin shóisialta le haghaidh nuashonruithe rialta, leideanna ar an dúshlán, eolais faoi na comórtais agus chun fáil amach cé atá ag dul in airde ar chlár na gcinnirí!!
| Meáin Shóisialta Taisteal Níos Cliste TFI |
| Instagram: @tfismartertravel |
| X: @TFISmartTravel |
‘Bhain mé an-taitneamh as, bhí m’fhoireann an-iomaíoch cinnte, rud nár thuig mé go dtí gur thosaigh mé 😂 Maidir liomsa, chuir sé in iúl dom i ndáiríre a laghad agus a bhí mé ag siúl gach lá, agus leanfaidh mé leis gan dabht!’
Rannpháirtí Dhúshlán Céime Walktober 2025
Acmhainní an Walktober
Tá réimse leathan acmhainní ar fáil chun cabhrú leat ullmhú do Walktober, é a chur chun cinn, agus sult a bhaint as go huile agus go hiomlán. Is féidir na hacmhainní seo a úsáid ar inlíonta, i ríomhphoist, ar na meáin shóisialta, i nuachtlitreacha nó mar phóstaeir agus áirítear na nithe seo a leanas:
| Acmhainní Bolscaireachta | Acmhainní Meán Sóisialta | Acmhainní Comhordaitheora |
| Póstaer A3 Walktober | jpeg Instagram Walktober | Treoir do Rannpháirtithe
Treoir as Gaeilge do Rannpháirtithe |
| Póstaer A3 Walktober as Gaeilge | Instagram Walktober as Gaeilge | Treoir do Chomhordaitheoirí
Treoir as Gaeilge do Chomhordaitheoirí |
| Póstaer A4 Walktober | jpeg Twitter Walktober le Clárú | Grafaicí Ineagarthóireachta do Chomhordaitheoirí |
| Póstaer A4 Walktober as Gaeilge | jpeg Twitter Walktober | Ríomhphost samplach, ag fógairt Walktober |
| Póstaer Ineagarthóireachta Walktober | jpeg Twitter Walktober le Clárú as Gaeilge | Sceideal Ríomhphoist agus Ríomhphoist Sheachtainiúla Comhordaitheoirí |
| Síniú Ríomhphoist Walktober | jpeg Twitter Walktober as Gaeilge | Bileog Leideanna Meán Sóisialta maidir le Walktober |
| jpeg Síniú Ríomhphoist Walktober as Gaeilge | Bileog Leideanna Meán Sóisialta maidir le Walktober as Gaeilge |