Dúshlán Céime an Walktober

Eolas faoi Walktober

Is dúshlán spraíúil foirne é an Dúshlán Céimeanna ‘Walktober’ a bheidh ar siúl ó Dé Luain, an 5 Deireadh Fómhair go dtí Dé Sathairn, an 31 Deireadh Fómhair i mbliana. Tá sé oscailte do bhaill foirne agus do mhic léinn in áiteanna oibre agus i gcampais tríú leibhéil ar comhpháirtithe iad den Chlár Taisteal Níos Cliste. Chun seiceáil an Comhpháirtí Cláir í d’eagraíocht féin, cliceáil anseo.

Beidh clárú do Walktober 2026 ar fáil ón Déardaoin, an 27 Lúnasa!

Eagraíochtaí Rannpháirteacha

Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil d’eagraíocht féin cláraithe chun páirt a ghlacadh i Walktober 2026, is féidir leat liosta na n-eagraíochtaí cláraithe a fháil thíos. Chomh luath is atá d’eagraíocht cláraithe do Walktober, is féidir le baill foirne agus mic léinn foirne ina bhfuil idir triúir agus seisear a chruthú. Más comhpháirtí í d’eagraíocht den chlár Taisteal Níos Cliste ach níl sí ar an liosta thíos, iarr ar do Chomhordaitheoir Taistil Níos Cliste ríomhphost a sheoladh chuig stepchallenge@nationaltransport.ie.

 

AECOM Department of Transport Offaly County Council
AirNav Ireland Dún Laoghaire Rathdown County Council Office of Public Works
An Coimisiún Pleanála eBay Ireland Office of the Attorney General
An Garda Síochána Economic and Social Research Institute Office of the Planning Regulator
Analog Devices EirGrid plc Our Lady’s Hospice and Care Services
Arthur Cox LLP Eli Lilly Portiuncula University Hospital
Arup Embecta Pre-Hospital Emergency Care Council
Asiera Environmental Protection Agency Quality and Qualifications Ireland
AtkinsRealis ESB Rabobank Dublin
Atlantic Aviation Group EY Revenue Commissioners
Biomarin International Ltd. Fingal County Council Roscommon County Council
Blackrock Health – Galway & Hermitage Clinic Fiosrú Roughan & O’Donovan
Boston Scientific Galway Galway University Hospitals Royal Irish Academy
Brady Shipman Martin Gilead Sciences Ireland UC Royal Victoria Eye & Ear Hospital
Breedon Cement Health Products Regulatory Authority RTÉ
Business in the Community Ireland Henry J Lyons SEAI
Cavan County Council Houses of the Oireachtas Shannon Technical Services
Central Bank of Ireland HSE Midwest Sligo University Hospital
Children’s Health Ireland IBM South Dublin County Council
CIE Irish Blood Transfusion Service Southern Regional Assembly
Civic Offices Carrickmacross J&J MedTech / DePuy Synthes Sport Ireland Campus
Clare County Council Jacobs St. James’s Hospital
Clearstream Fund Centre S.A., Cork Branch Johnson & Johnson Innovative Medicine St. Vincent’s University Hospital
Clifton Scannell Emerson Associates KBC SuperNode
Clúid Housing Kildare County Council SYSTRA Ltd
Coimisiún na Meán Kilkenny County Council Tallaght University Hospital
Competition and Consumer Protection Commission Land Development Agency TE Connectivity
Cork City Council Leopardstown Park Hospital Tetra Tech
Cork County Council Lilly GBS The Convention Centre Dublin
Cornmarket Limerick City and County Council The Probation Service
DBFL Consulting Engineering Linesight TII – MetroLink
Deloitte Marine Institute Toast
Department of Agriculture, Food & the Marine Mayo University Hospital Transport Infrastructure Ireland (TII)
Department of Children, Disability and Equality Meath County Council Triangle Technology Services Ltd.
Department of Culture, Communication and Sport Met Éireann Tuath Housing
Department of Enterprise, Tourism and Employment National Council for Special Education University Hospital Limerick
Department of Finance National Maternity Hospital University Hospital Waterford
Department of Foreign Affairs National Orthopaedic Hospital Cappagh Westmeath County Council
Department of Housing, Local Government and Heritage National Rehabilitation Hospital Wexford County Council
Department of Justice, Home Affairs & Migration National Transport Authority Wicklow County Council
Department of Public Expenditure, Infrastructure, Public Service Reform and Digitalisation NTMA Yahoo
Department of Social Protection

 

ATU Galway – Mayo Maynooth University
ATU Sligo MTU Cork Campus
Dublin Business School SETU Carlow
Dublin City University Technological University of the Shannon
FET College Mulgrave Street Trinity College Dublin
FET College Rathmines TU Dublin
IADT Dun Laoghaire University College Cork
Marino Institute of Education University of Limerick
Mary Immaculate College – Limerick and Thurles Campuses

 

Ag Tosú

Tá sé tapa agus éasca d’fhoireann Walktober a chur ar bun. Níl le déanamh ach na céimeanna simplí thíos a leanúint chun tosú. Chomh luath is atá d’fhoireann cláraithe, beidh tú in ann do choiscéimeanna a rianú, díocas a ghríosú agus sult a bhaint as an dúshlán le chéile.

Conas Foireann a Chur ar Bun

• Ar dtús, roghnaigh ainm foirne agus ainmnigh Captaen Foirne. Beidh na nithe seo a leanas ag teastáil ó gach rannpháirtí::

Do Chaptaen Foirne is ea a bheidh ina phríomhtheagmhálaí agus a chuirfidh an fhoireann an bun ar shuíomh gréasáin Active Travel Logger.

An Active Travel Logger a Úsáid

Físeáin Teagaisc Úsáideacha do Rannpháirtithe

Leis na físeáin teagaisc ghairide seo, treorófar thú trí na bunchéimeanna agus cuideofar leat tosú go tapa. Clúdaítear leo gach rud atá ag teastáil uait chun Active Travel Logger a úsáid go muiníneach:

Físeáin Teagaisc Úsáideacha don Chaptaen Foirne

Más Captaen Foirne thú, cabhróidh na físeáin teagaisc ghairide seo leat d’fhoireann a bhainistiú. Tabharfar thú trí na príomhchúraimí a bheidh ort a chomhlíonadh, ó chuirí a thabhairt do bhaill foirne go coiscéimeanna a logáil ar son na foirne.

Físeáin Teagaisc Úsáideacha do Chomhordaitheoirí Eagraíochta

Má tá tú ag comhordú Walktober laistigh de d’eagraíocht, cabhróidh na físeáin teagaisc ghairide seo leat gach rud a bhainistiú go héasca. Tabharfar tríd an eolas ar fad thú, conas breathnú ar na foirne uile atá rannpháirteach, conas sonraí foirne a choinneáil cothrom le dáta agus conas tacú le rannpháirtithe ar feadh an dúshláin. Leis na físeáin seo, tá sé éasca maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht, fadhbanna a réiteach agus a chinntiú go mbainfidh d’eagraíocht an tairbhe is mó as Walktober.


Eolas Ríthábhachtach

  • Chun bheith ar taispeáint ar Chlár na gCinnirí, caithfidh tú do choiscéimeanna a logáil faoin spriocdháta ag 2pm gach Luan. Má chailleann tú lá, is féidir leat riaráiste coiscéimeanna suas le hocht lá a logáil le linn an dúshláin.
  • Má tá tú ag iarraidh ainm d’fhoirne a athrú nó rannpháirtithe a chur leis an bhfoireann nó a bhaint di, déan teagmháil le Comhordaitheoir d’eagraíochta.

An bhfuil cabhair uait?

Le haghaidh treoir iomlán ar an gcaoi le tosú, lena n-áirítear an chaoi le foireann a chruthú, coiscéimeanna a logáil, foireann a scriosadh agus go leor leor eile, tabhair cuairt ar na codanna Treoir do Rannpháirtithe agus Ceisteanna Coitianta.
Is féidir leat teacht ar an dá chuid trí chliceáil ar an gceanntásc ábhartha ar bharr an leathanaigh seo. Sa Treoir do Rannpháirtithe, clúdaítear gach eolas atá ag teastáil uait faoi Walktober, agus sna Ceisteanna Coitianta, freagraítear na ceisteanna is coitianta a bhíonn ag rannpháirtithe agus comhordaitheoirí.

Mar gheall ar an méid mór ceisteanna a fhaightear le linn an dúshláin, molaimid go ndéantar na hacmhainní atá ar fáil ar an leathanach sin a sheiceáil ar dtús, mar is dóigh go bhfreagrófar do cheist ansin.


Fan i dTeagmháil le linn an Dúshláin

Déanfaidh Comhordaitheoir inmheánach d’eagraíochta, i gcomhar le Comhordaitheoirí náisiúnta ag ÚNI, tú a choinneáil ar an eolas le linn an dúshláin chun an t-eolas is déanaí a thabhairt duit maidir leis na nithe seo a leanas:

  • Comórtais
  • Duaiseanna
  • Cláir na gCinnirí
  • Fógraí tábhachtacha

Coinnigh súil ar ríomhphoist le linn an dúshláin ionas nach gcaillfidh tú an t-eolas is déanaí.

Chomh maith leis sin, is féidir leat muid a leanúint ar na meáin shóisialta le haghaidh nuashonruithe rialta, leideanna ar an dúshlán, eolais faoi na comórtais agus chun fáil amach cé atá ag dul in airde ar chlár na gcinnirí!!

Meáin Shóisialta Taisteal Níos Cliste TFI
Instagram: @tfismartertravel
X: @TFISmartTravel

 

‘Bhain mé an-taitneamh as, bhí m’fhoireann an-iomaíoch cinnte, rud nár thuig mé go dtí gur thosaigh mé 😂 Maidir liomsa, chuir sé in iúl dom i ndáiríre a laghad agus a bhí mé ag siúl gach lá, agus leanfaidh mé leis gan dabht!’

Rannpháirtí Dhúshlán Céime Walktober 2025

Acmhainní an Walktober

Tá réimse leathan acmhainní ar fáil chun cabhrú leat ullmhú do Walktober, é a chur chun cinn, agus sult a bhaint as go huile agus go hiomlán. Is féidir na hacmhainní seo a úsáid ar inlíonta, i ríomhphoist, ar na meáin shóisialta, i nuachtlitreacha nó mar phóstaeir agus áirítear na nithe seo a leanas:

Acmhainní Bolscaireachta Acmhainní Meán Sóisialta Acmhainní Comhordaitheora
Póstaer A3 Walktober jpeg Instagram Walktober Treoir do Rannpháirtithe

Treoir as Gaeilge do Rannpháirtithe

Póstaer A3 Walktober as Gaeilge Instagram Walktober as Gaeilge Treoir do Chomhordaitheoirí

 

Treoir as Gaeilge do Chomhordaitheoirí

Póstaer A4 Walktober jpeg Twitter Walktober le Clárú Grafaicí Ineagarthóireachta do Chomhordaitheoirí
Póstaer A4 Walktober as Gaeilge jpeg Twitter Walktober Ríomhphost samplach, ag fógairt Walktober
Póstaer Ineagarthóireachta Walktober jpeg Twitter Walktober le Clárú as Gaeilge Sceideal Ríomhphoist agus Ríomhphoist Sheachtainiúla Comhordaitheoirí
Síniú Ríomhphoist Walktober jpeg Twitter Walktober as Gaeilge Bileog Leideanna Meán Sóisialta maidir le Walktober
jpeg Síniú Ríomhphoist Walktober as Gaeilge Bileog Leideanna Meán Sóisialta maidir le Walktober as Gaeilge