Siúl

Cén fáth ar cheart duit siúl?

Tá siúl chun na hoibre, chun an champais nó chun na scoile – nó chuig cibé áit eile a bhfuil tú ag dul chuige sa cheantar – ar cheann de na dóigheanna is fearr ar féidir leat aer úr a fháil, do ghiúmar a fheabhsú, airgead a shábháil, calraí a dhó agus do chnámha a neartú. Téann sé chun tairbhe don chomhshaol freisin. Murab ionann is roinnt cineálacha eile aclaíochta, ní gá duit íoc as siúl agus ní theastaíonn uait aon trealamh speisialta ná oiliúint speisialta ina leith.

Na tairbhí a bhaineann le siúl chun na hoibre nó chun an champais

Baineann a lán tairbhí iontacha le siúl chun an champais, agus ní hé amháin go dtéann siad chun tairbhe don chomhshaol. Téann siad chun tairbhe do do chorp, do do mheabhair agus do d’iarmhéid bainc freisin. Mar sin de, déan an t-athrú simplí sin agus faigh amach cén difear is féidir leis a dhéanamh? Níl anseo a leanas ach roinnt bheag de na tairbhí a gheobhaidh tú:

  • Aclaíocht fhisiciúil níos fearr;
  • Níos mó ama duit féin;
  • Folláine meabhrach mhéadaithe;
  • Leibhéil struis níos ísle;
  • Am chun do smaointe a chur in ord;
  • Airgead a shábháil;
  • Deis chun do rannpháirtíocht shóisialta a mhéadú; agus
  • Cumas feabhsaithe chun feidhmiú ar bhealach níos fearr ag an obair agus sa bhaile.

Na tairbhí sláinte a bhaineann leis an siúl

Iompraíonn tú do mheáchan coirp féin nuair a shiúlann tú. Tugtar cleachtadh a iompraíonn meáchan air sin. Áirítear iad seo a leanas le roinnt de na tairbhí sláinte atá i gceist:

  • Aclaíocht mhéadaithe cardairiospráide;
  • Riosca laghdaithe go bhfulaingeoidh duine galar corónach croí nó stróc;
  • Riosca laghdaithe go dtiocfaidh cineálacha áirithe ailse ar dhuine;
  • Bainistíocht fheabhsaithe riochtaí amhail ardbhrú fola, pian ailt agus matáin, righneas ailt agus matáin, agus diaibéiteas chineál 2;
  • Feabhas ar chothromaíocht agus riosca laghdaithe titimí;
  • Acmhainn mhatánach mhéadaithe agus dlús cnámh níos láidre;
  • Riosca laghdaithe go dtiocfaidh dúlagar ar dhuine;
  • Feabhas ar cháilíocht codlata; agus
  • Saill laghdaithe choirp.

Siúl chun na Treoirlínte Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil a chomhlíonadh

Tá sé tábhachtach a chuimhneamh gur fearr aon chineál gníomhaíochta fisiciúla ar bith a dhéanamh ná a dhath, gur fearr a lán gníomhaíochta ná roinnt bheag gníomhaíochta agus go mbainfidh tú tairbhí méadaithe sláinte as aon ghníomhaíocht fhisiciúil a dhéanfaidh tú.

Moltar sna Treoirlínte Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil d’Éirinn gur cheart d’aosaigh idir 18 mbliana d’aois agus 64 bliana d’aois féachaint le gníomhaíocht fhisiciúil a dhéanamh ‘go measartha ar feadh 30 nóiméad sa lá, cúig lá sa tseachtain (nó ar feadh 150 nóiméad sa tseachtain)’. Is é is gníomhaíocht mheasartha ann ná gníomhaíocht ina n-éiríonn tú teolaí nó ina dtosaíonn tú ag cur beagáinín allais agus, ag an am céanna, ina méadaíonn do ráta análaithe agus do chroíráta, gan aon chur isteach ar an gcumas atá agat comhrá a dhéanamh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na Treoirlínte Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil d’Éirinn, lena n-áirítear treoirlínte d’aosaigh faoi mhíchumas, tabhair cuairt ar ‘FSS – Treoirlínte um Ghníomhaíocht Fhisiciúil’.

Tabhair aird ar do thimpeallacht áitiúil

Agus tú amuigh ag siúl, bíodh tú sa saol amuigh faoin spéir nó ag déanamh comaitéireachta, déan cinnte de go bhfaighidh tú réidh le bruscar go cuí agus ‘Ná Fág Aon Rian’. Is é atá i gceist leis sin a laghad tionchair is féidir a imirt ar an timpeallacht agus ar a próisis nádúrtha. Is ag croílár an choincheapa ‘Ná Fág Aon Rian’ atá seacht bprionsabal atá bunaithe ar mheas buan a léiriú ar an dúlra, ar an gcultúr agus ar dhaoine. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar ‘Ná Fág Aon Rian’.