Rothaíocht

Cén fáth ar cheart duit rothaíocht a dhéanamh?

Sármhodh gníomhaíochta fisiciúla agus gníomhaíocht fhisiciúil ísealtionchair is ea an rothaíocht. Ní hé amháin go rachaidh an rothaíocht chun tairbhe duit ar a lán slite éagsúla, ach imreoidh sí a laghad tionchair ar d’ailt agus do chnámha freisin. Ní hé amháin go mbeidh tú in ann feabhas a chur ar do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach, ach beidh tú in ann taisteal ag an am céanna.

Na tairbhí a bhaineann le rothaíocht a dhéanamh chun na hoibre nó an champais

Slí iontach chun na tairbhí sláinte a bhaineann leis an rothaíocht a ghnóthú is ea rothaíocht a dhéanamh chun na hoibre nó an champais. Tá tairbhí eile ann chomh maith, lena n-áirítear tairbhí comhshaoil, tairbhí airgeadais agus tairbhí sochaíocha. Seo a leanas roinnt bheag de na tairbhí a bhaineann le rothaíocht a dhéanamh chun d’áite oibre nó do champais:

  • Lorg carbóin laghdaithe;
  • Laghdú ar na costais a bhaineann le taisteal de charr – is féidir airgead a shábháil ar chostais bhreosla agus ar chostais pháirceála araon;
  • Tairbhí sláinte níos fearr;
  • Leibhéil struis níos ísle;
  • Táirgiúlacht mhéadaithe ag an obair nó ar campas; agus
  • Deis chun do rannpháirtíocht shóisialta a mhéadú.

Na tairbhí sláinte a bhaineann leis an rothaíocht

Áirítear iad seo a leanas le roinnt de na tairbhí sláinte atá i gceist leis an rothaíocht:

  • Aclaíocht mhéadaithe cardairiospráide;
  • Feabhas ar chothromaíocht agus ar chomhordú;
  • Méadú ar fhulaingt mhatánach agus ar neart matánach;
  • Riosca laghdaithe go bhfulaingeoidh duine galar corónach croí nó stróc;
  • Riosca laghdaithe go dtiocfaidh cineálacha áirithe ailse ar dhuine;
  • Bainistíocht fheabhsaithe riochtaí amhail ardbhrú fola, pian ailt agus matáin, righneas ailt agus matáin, agus diaibéiteas chineál 2;
  • Riosca laghdaithe go dtiocfaidh dúlagar ar dhuine; agus
  • Feabhas ar cháilíocht codlata.

Rothaíocht a dhéanamh chun na Treoirlínte Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil a chomhlíonadh

Cuimhnigh gur fearr aon chineál gníomhaíochta fisiciúla ar bith a dhéanamh ná a dhath, gur fearr a lán gníomhaíochta ná roinnt bheag gníomhaíochta agus go mbainfidh tú tairbhí méadaithe sláinte as aon ghníomhaíocht fhisiciúil a dhéanfaidh tú. Tá an rothaíocht ina slí iontach chun gníomhaíocht fhisiciúil a chur san áireamh i do ghnáthamh laethúil, bíodh sí á déanamh agat mar ghníomhaíocht áineasa nó mar mhodh iompair.

Moltar sna Treoirlínte Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil d’Éirinn gur cheart d’aosaigh idir 18 mbliana d’aois agus 64 bliana d’aois féachaint le gníomhaíocht fhisiciúil a dhéanamh ‘go measartha ar feadh 30 nóiméad sa lá, cúig lá sa tseachtain (nó ar feadh 150 nóiméad sa tseachtain)’. Is é is gníomhaíocht mheasartha ann ná gníomhaíocht ina n-éiríonn tú teolaí nó ina dtosaíonn tú ag cur beagáinín allais agus, ag an am céanna, ina méadaíonn do ráta análaithe agus do chroíráta, gan aon chur isteach ar an gcumas atá agat comhrá a dhéanamh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na Treoirlínte Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil d’Éirinn, lena n-áirítear treoirlínte d’aosaigh faoi mhíchumas, tabhair cuairt ar ‘FSS – Treoirlínte um Ghníomhaíocht Fhisiciúil’.