Uirlisí agus Leideanna le haghaidh Rothaíochta

Is dóigh go mbeidh a lán ceisteanna agat nuair a thosóidh tú ag déanamh rothaíochta. Chuireamar roinnt uirlisí agus leideanna úsáideacha le chéile thíos chun cabhrú leat ar do thuras rothaíochta.

Uirlisí Rothaíochta

Má tá tú ag iarraidh an rothaíocht a chur chun cinn laistigh de d’eagraíocht, gheobhaidh tú roinnt acmhainní úsáideacha cur chun cinn ar an leathanach ‘Taisteal Níos Cliste TFI – Acmhainní agus Imeachtaí’.

Leideanna Rothaíochta

Rothaíocht mar Mhodh Iompair

Chun faisnéis a fháil faoi shábháilteacht rothaíochta, téigh chuig suíomh Gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Cé gur rud iontach é dul ar do rothar agus dul ar bhabhta rothaíochta fóillíochta timpeall na bpáirceanna, timpeall na nithe áitiúla is díol spéise agus timpeall na saoráidí Glasbhealaigh den scoth atá againne in Éirinn, is féidir leis an rothaíocht a bheith ina modh iompair an-éifeachtúil freisin. Ar an meán, tógann sé thart ar 5-8 nóiméad chun ciliméadar amháin a rothaíocht.

Is féidir gurb iad na turais seo a leanas na turais is fearr le haghaidh an rothaíocht a chur ar áireamh:

  • Turais chun na hoibre nó an champais – má chónaíonn tú laistigh de gha 10 km ó do cheann scríbe, tá sárdheis agat léim ar do rothar agus na tairbhí a ghnóthú;
  • Ar gnó – trí rothaíocht a dhéanamh chuig cruinnithe gnó agus uathu araon, is féidir leat am agus airgead a shábháil agus an leibhéal struis a ghabhann le plódú ar na bóithre a sheachaint;
  • Chuig stáisiún iarnróid nó chuig stad bus;
  • Chuig siopaí áitiúla – déan rothaíocht chuig d’ollmhargadh áitiúil chun do shiopadóireacht a dhéanamh nó ar do shos lóin, fiú;
  • Chuig páirceanna nó chuig saoráidí spóirt – cé gur rud iontach é dul amach chun aer úr a fháil agus dul i mbun aclaíochta, is féidir go mbainfear an mhaitheas as má thiomáineann tú ann. Is féidir le rothaíocht a dhéanamh chuig na saoráidí sin tú a ullmhú don ghníomhaíocht agus an flosc fuinnimh a theastaíonn uait a thabhairt duit; agus
  • Cuairt a thabhairt ar chairde – ní gá duit imní a bheith ort faoi thacsaithe nó síoba abhaile a fháil ó phictiúrlanna nó bialanna – las na soilse ar do rothar agus ar aghaidh leat.

Tugann an t-iompar poiblí sárdheis duit an rothaíocht a chur san áireamh i do thuras freisin. An chéad uair eile atá tú ag pleanáil do thurais, breithnigh na nithe seo a leanas chun an rothaíocht a chur ar áireamh:

  • An fad go dtí an tseirbhís iompair phoiblí is gaire;
  • An bhfuil saoráidí páirceála rothar ar fáil ag an stáisiún?
  • An gceadaíonn an tseirbhís iompair phoiblí duit spás a chur in áirithe do do rothar?
  • Cé chomh fada agus atá an ceann scríbe ón mbealach iompair phoiblí?
  • An féidir leat úsáid a bhaint as seirbhís rothar comhroinnte amhail NOW dublinbikes nó Coca-Cola Zero Bikes?
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar ‘Taisteal Níos Cliste TFI – An tIompar Poiblí’.

Aimsigh do bhealach

Má theastaíonn cabhair uait an bealach is giorra ó phointe A go pointe B a roghnú, bain triail as Pleanálaí Turais TFI ar líne agus roghnaigh ‘rothaíocht’ sna roghanna turais. Is féidir leat a roghnú freisin go dtaispeánfaí duit na hionaid Fruiliú Rothar atá suite in aice láimhe. Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil an tseirbhís sin ar fáil ar Aip Pleanálaí Turais TFI.

Chomh maith leis sin, is féidir leat faisnéis mhionsonraithe faoi na conairí rothaíochta ar bhóthar agus na conairí rothaíochta easbhóthair araon atá ar fáil i do chontae, agus léarscáileanna de na conairí sin, a chuardach ag ‘Spórt Éireann – Aimsigh do Chonairí’ agus ag ‘Rothaíocht Éireann – Aimsigh Bealach’.

Scéimeanna Rothar Comhroinnte

Slí iontach chun an rothaíocht a chur san áireamh i do thuras is ea Scéimeanna Rothar Comhroinnte. Cibé acu atá tú ag taisteal chuig cruinnithe gnó nó uathu nó ag nascadh le do bhealach iompair phoiblí, tá sé éasca scéimeanna féinseirbhíse fruiliú rothar a úsáid agus tá roghanna síntiúis ghearrthéarmaigh agus bhliantúil araon ar fáil uathu. Téigh chuig na suíomhanna Gréasáin seo a leanas chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi shíntiúis, faoi láthair na n-ionad agus faoi go leor nithe eile:

Baile Átha Cliath: NOW dublinbikes

Gaillimh, Luimneach agus Corcaigh: Coca-Cola Zero® Bikes

An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

Tá sé mar aidhm leis an scéim seo tú a spreagadh rothaíocht a dhéanamh chun na hoibre agus uaithi araon. Faoin scéim, féadfaidh d’fhostóir cabhrú leat rothar agus trealamh sábháilteachta úrnua a cheannach. Ní mheasfar gur sochar comhchineáil inchánach é sin.

Tá dhá theorainn ann anois, ag brath ar an gcineál rothair atá á cheannach:

  • Is é €1,500 an teorainn le haghaidh rothair leictreacha agus trealamh sábháilteachta gaolmhar.
  • Is é €1,250 an teorainn le haghaidh rothair eile agus trealamh sábháilteachta gaolmhar.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar ‘Na Coimisinéirí Ioncaim – An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre’.

CYCLE RIGHT – Oiliúint rothaíochta do chách

Is é CYCLE RIGHT an Caighdeán Náisiúnta le haghaidh Oiliúint Rothaíochta agus soláthraíonn sé oiliúint phraiticiúil i sábháilteacht rothaíochta agus scileanna rothaíochta chun rothaithe inniúla muiníneacha a chur chun cinn. Clár uilechuimsitheach is ea CYCLE RIGHT. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi oiliúint CYCLE RIGHT, déan teagmháil le Rothaíocht Éireann.