
Fáilte go Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste. Ar an leathanach Gréasáin seo, gheobhaidh tú faisnéis faoi Ghradaim na Mac Léinn, faoi conas is féidir iontráil, faoi na príomh-Chatagóirí agus faoi nithe eile. Má bhíonn aon cheisteanna eile agat faoi Ghradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste, seol ríomhphost chuig info@smartertravelcampus.ie
Maidir le Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste
Le Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste, tugtar cuireadh do mhic léinn forbairt a dhéanamh ar thionscadal lena ndéantar roghanna taistil inbhuanaithe agus/nó roghanna taistil ghníomhaigh chuig an gcampas, amach as an gcampas agus ar an gcampas a chothú, a éascú agus/nó a chumasú, ar tionscadal é atá ábhartha dá réimse staidéir agus spéise.
Maidir le gach mac léinn a iontrálann, déanfaidh painéal moltóirí is saineolaithe ina dtionscal a dtionscadal a athbhreithniú agus a mheas. Tabharfar cuireadh d’iomaitheoirí sa bhabhta ceannais freastal ar an Searmanas Náisiúnta Bronnta Gradam do Mhic Léinn, áit a gcuirfear a dtionscadal ar taispeáint. Fógrófar na Buaiteoirí i ngach Catagóir ar an lá.
Moltar do léachtóirí agus do bhaill foirne acadúla ó champais tríú leibhéal ar fud na hÉireann páirt a ghlacadh i nGradaim na Mac Léinn trí na Gradaim a chur ar áireamh ina n-obair chúrsa ghrádaithe. Ní hé amháin go dtugann sé sin an deis do mhic léinn páirt a ghlacadh i dtionscadal praiticiúil agus na tairbhí a bhaineann leis a eispéiriú, ach tugann sé ardán dóibh freisin a CV agus a bpunann ghairmiúil a fhorbairt ar bhealach atá ábhartha dá réimse staidéir. Más rud é gur Léachtóir thú agus gur mhaith leat glao a eagrú le Foireann na gClár Taistil Níos Cliste chun tuilleadh plé a dhéanamh ar Ghradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste, agus/nó chun seisiún faisnéise a eagrú do do mhic léinn, seol ríomhphost chuig info@smartertravelcampus.ie.
Cé a fhéadfaidh iontráil?
Tá Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste ar oscailt do na mic léinn uile de na Comhpháirtithe Campas de chuid Thaisteal Níos Cliste TFI. Chun a fheiceáil an Comhpháirtí é do Champas nó nach ea, tabhair cuairt ar ‘Campais Thaisteal Níos Cliste TFI’.
Féadfaidh mic léinn iontráil mar dhaoine aonair nó mar ghrúpa. Áiríodh na nithe seo a leanas leis na hiontrálacha a fuarthas san am atá thart, ach gan a bheith teoranta dóibh: promóisin mhargaíochta digití; feachtais taistil inbhuanaithe; dúshláin taistil ghníomhaigh; fógraí raidió, físeáin agus beochaintí a léiriú; aipeanna taistil inbhuanaithe a dhearadh; agus gléasanna a fhorbairt chun tacú le taisteal níos cliste.
Eochairdhátaí don bhliain 2022/2023
| An Spriocdháta le haghaidh Iontrálacha do Sheimeastar 1 | An Spriocdháta le haghaidh Iontrálacha do Sheimeastar 2 | An Searmanas Náisiúnta Bronnta Gradam do Mhic Léinn |
| An Luan an 19 Nollaig 2022 | An Luan an 27 Márta 2023 | An Déardaoin an 27 Aibreán 2023 |
Conas is féidir Iontráil
Lean na cúig chéim thíos agus tú ag cur do thionscadail isteach i nGradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste don bhliain acadúil 2022-2023.
Cláraigh do spéis ach an fhoirm thíos a líonadh isteach. Trí do spéis a chlárú, cinntíonn tú go mbeidh Foireann Chlár na gCampas Taistil Níos Cliste in ann teagmháil a dhéanamh leat chun tú a choinneáil ar an eolas faoi aon fhógraí agus aon mheabhrúcháin faoi Ghradaim na Mac Léinn, lena n-áirítear spriocdhátaí agus mionsonraí faoin Searmanas Náisiúnta Bronnta Gradam do Mhic Léinn.
Léigh Treoirleabhar Ghradaim na Mac Léinn agus na Téarmaí agus Coinníollacha a bhaineann le Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste. Is féidir iad a aimsiú faoin rannán ‘Acmhainní’.
Cinn cén Chatagóir a n-iontrálfaidh tú isteach inti agus tosaigh ar do thionscadal a phleanáil.
Tabhair faoi do thionscadal i Seimeastar 1 agus/nó i Seimeastar 2.
Sula gcuireann tú do thionscadal isteach, úsáid Seicliosta na Foirme Iontrála atá le fáil i dTreoirleabhar Ghradaim na Mac Léinn mar threoir, agus cuir do thionscadal isteach san Fhoirm Iontrála thíos roimh an spriocdháta.
Cláraigh do spéis anseo – Foirm Clárúcháin Ghradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste
Cuir do thionscadal isteach anseo – Foirm Iontrála Ghradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste (Beidh an fhoirm seo ag oscailt go luath)
Cé na Catagóirí do Ghradaim na Mac Léinn?
Tá na Catagóirí ceaptha chun nascadh le raon leathan cúrsaí agus modúl coláiste ar fud na tíre chun go mbeidh mic léinn in ann taithí phraiticiúil tionscadail atá ábhartha dá n-obair chúrsa a ghnóthú. Moltar do mhic léinn a bhfuil dúspéis acu i réimse an taistil inbhuanaithe agus ar mhaith leo tionscadail a dearadh agus a fhorbairt mar ghníomhaíocht seach-churaclaim tionscadal a iontráil lasmuigh dá n-obair chúrsa. Is iad seo na príomh-Chatagóirí:
Catagóir 1: Innealtóireacht agus Nuálaíocht
Cumhdaítear tionscadail sna réimsí seo a leanas le Catagóir na hInnealtóireachta agus na Nuálaíochta: an dearadh; an teicneolaíocht; an nuálaíocht shóisialta agus an fhiontraíocht.
Cé na daoine ar cheart dóibh iontráil isteach sa Chatagóir seo?
Tá an Chatagóir seo ar oscailt do mhic léinn fochéime agus mic léinn iarchéime atá ag déanamh staidéar ar cheann ar bith de na réimsí seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: an Innealtóireacht Shibhialta; an Innealtóireacht Mheicniúil; an Innealtóireacht Ríomhaireachta; an Innealtóireacht Leictreonach; an Innealtóireacht Struchtúr agus an Mheicitreonaic; an Staidéar Inbhuanaitheachta; agus an Staidéar Comhshaoil. Tá sí ar oscailt freisin d’aon mhic léinn is baill de Chlub nó Cumann ar an gcampas atá bainteach leis an gCatagóir seo agus do mhic léinn a bhfuil spéis acu i réimse na hInnealtóireachta agus a chleachtann lasmuigh dá réimse staidéir.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gCatagóir seo, féach Leathanach 4 de Threoirleabhar Ghradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste.
Catagóir 2: Margaíocht Shóisialta
Cumhdaítear tionscadail sna réimsí seo a leanas le Catagóir na Margaíochta Sóisialta: an mhargaíocht; an mhargaíocht dhigiteach; an bhainistíocht imeachtaí; an chumarsáid; an spórt; agus cur chun cinn na sláinte.
Cé na daoine ar cheart dóibh iontráil isteach sa Chatagóir seo?
Tá an Chatagóir seo ar oscailt do mhic léinn fochéime agus mic léinn iarchéime atá ag déanamh staidéar ar cheann ar bith de na réimsí seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: an Gnó; an Bhainistíocht Gnó; an Mhargaíocht; an Mhargaíocht Dhigiteach; an Tathant; Cur Chun Cinn na Sláinte; Eolaíocht an Spóirt; an tÁineas; an Bhainistíocht Spóirt; an Staidéar Inbhuanaitheachta; agus an Staidéar Comhshaoil. Tá sí ar oscailt freisin d’aon mhic léinn is baill de Chlub nó Cumann ar an gcampas atá bainteach leis an gCatagóir seo agus do mhic léinn a bhfuil spéis acu i réimse na Margaíochta Sóisialta agus a chleachtann lasmuigh dá réimse staidéir.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gCatagóir seo, féach Leathanach 5 de Threoirleabhar Ghradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste.
Catagóir 3: Na Meáin
Cumhdaítear tionscadail sna réimsí seo a leanas le Catagóir na Meán: an bheochan; an fhuaim; an dearadh grafach; an maisiú; agus an físeán.
Cé na daoine ar cheart dóibh iontráil isteach sa Chatagóir seo?
Tá an Chatagóir seo ar oscailt do mhic léinn fochéime agus mic léinn iarchéime atá ag déanamh staidéar ar cheann ar bith de na réimsí seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: an Dearadh Cruthaitheach; na Meáin; an Léiriú Meán Digiteach; an Ghrafaic agus an Maisiú; an Léiriú Meán agus Scannán; an Bheochan; agus an Fhorbairt Bogearraí agus Cluichí. Tá sí ar oscailt freisin d’aon mhic léinn is baill de Chlub nó Cumann ar an gcampas atá dírithe ar na meáin agus do mhic léinn a bhfuil spéis acu i réimse na Meán agus a chleachtann lasmuigh dá réimse staidéir.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gCatagóir seo, féach Leathanach 6 de Threoirleabhar Ghradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste.
An Painéal Moltóirí
Is féidir leat amharc ar an bPainéal Moltóirí don bhliain 2022 sa tábla thíos agus amharc ar Bheathaisnéis an Mholtóra ach cliceáil ar ainm agus eagraíocht an mholtóra.
Catagóir 1: Innealtóireacht agus Nuálaíocht Catagóir 2: Margaíocht Shóisialta Catagóir 3: Na Meáin
Acmhainní Ghradaim na Mac Léinn
Feicfidh tú roinnt acmhainní thíos a chabhróidh leat agus tú ag cur tionscadal isteach i nGradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste. Cliceáil ar an nasc ábhartha thíos chun amharc ar an acmhainn.
Cuir do thionscadal isteach anseo – Foirm Iontrála Ghradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste (Beidh an fhoirm seo ag oscailt go luath).
Cliceáil ar an nasc thuas chun do thionscadal a chur isteach i nGradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste.
Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste – Treoirleabhar (as Béarla)
Is dírithe ar mhic léinn agus ar léachtóirí araon atá an Treoirleabhar seo. Tugtar breac-chuntas ann ar an bhfaisnéis thábhachtach nach mór a bheith ar eolas agat faoi Ghradaim na Mac Léinn a iontráil.
Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste – Téarmaí agus Coinníollacha (as Béarla)
Déan cinnte de go bhfuil na Téarmaí agus Coinníollacha uile léite agus tuigthe ag na mic léinn uile atá páirteach i nGradaim na Mac Léinn a iontráil. Measfar gur neamhbhailí a bheidh aon tionscadail arna gcur isteach nach gcloíonn leis na Téarmaí agus Coinníollacha.
Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste – Treoir do Léachtóirí (as Béarla)
Is dírithe ar Léachtóirí agus ar bhaill foirne acadúla amháin atá an treoir seo. Tugtar breac-chuntas inti ar amlíne shimplí le haghaidh Ghradaim na Mac Léinn a chur ar áireamh i d’obair chúrsa ghrádaithe, mar aon le heochairdhátaí le tabhairt ar aird don bhliain acadúil.
Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste – Rúibric Marcála (as Béarla)
Mionsonraítear sa rúibric marcála seo conas a mheasúnóidh na moltóirí na tionscadail.
Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste – Seicliosta Iontrála (as Béarla)
Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste – Teimpléad Póstaeir
Cliceáil ar an bhformáid agus treoshuíomh roghnaithe thíos chun an teimpléad póstaeir a íoslódáil. Má theastaíonn uait cineál comhaid a dtacaíonn InDesign nó Illustrator leis, seol ríomhphost chuig info@smartertravelcampus.ie .
(As Béarla):
- Landscape poster template pdf
- Portrait poster template pdf
- Landscape poster template ppt
- Portrait poster template ppt
- Landscape poster template png
- Portrait poster template png
Na Buaiteoirí 2021 & 2022
Category 1: Engineering & Innovation
Technology
Finalists
| Project Title | Name of Student(s) | Name of Campus |
| Sustainable Sidekick App | Leah Keogh | TU Dublin |
| Pimp My Stride! | Michael Kennedy Kauan Silva Da Costa Yuvraj Singh Dheer Alex Gartland |
Dublin City University |
| Alert | Alexandra Phelan Cian Shanahan Liam MacDougald Sean Ryan Alena Gerasimova Oisin O’Neill |
Trinity College Dublin |
Winner
| Project Title | Name of Student(s) | Name of Campus |
| Beacon | Craig Gillepsie Gráinne Lavelle Michael Connolly Simon Connell Ailbhe Nic Cormaic Tadhg Keller |
Trinity College Dublin |
Design
Finalists
| Project Title | Name of Student(s) | Name of Campus |
| Droichead ㅤㅤㅤㅤ | Keela Duffy Naughton Mark Brady Sophie Dolan Erin Hegarty Ciara Mulligan |
Trinity College Dublin |
| Ace E Bike Lock | Arlen Walsh Eoghan Fallon Conor O’ Shea |
SETU Carlow |
| Howl | Michael Svoboda Stephen Kiernan Nathan Patrick Stringer Jakub Stojko |
Dublin City University |
| Sentinel | Jamie Purcell Tapiwanashe Chimimba |
SETU Carlow |
| TFI Social | Charlotte Hatt | TU Dublin |
Winner
| The BiClaw | David Allen-Taylor Andrew Murphy Michele Turco Ashley Palermo Zach Adeniyi Rory Staunton David Rock |
Trinity College Dublin |
Social Innovation & Entrepreneurship
Finalists
| Project Title | Name of Student(s) | Name of Campus |
| LeapLocker | Saoirse McGlinn Alexandra Duffy Artur Amolins Eoghan Manning Henry Gallagher Spencer Brehhov |
Trinity College Dublin |
| Tiered Parking Fee System | Matthew Horne O’Connor Aaron Abraham Chenxi Lu Evan Dargan Hayes |
Dublin City University |
| Uni-Mover | Siobhan Kenny Saoirse Murray Jennifer Fleming Jade McCormack Ellen Griffin |
TU Dublin |
| Uberversity | James Gaire Evan Loony Ryan O Grady |
MTU Kerry |
| Mush Bikes | Colm Farrell Luke Chester Kieran Cunningham Eoghan Courtney |
MTU Kerry |
| DriveLoCo Carpooling App | Shannon McCarthy Becky Bryant Shauna Cunningham Sarah Donnelly |
MTU Kerry |
| Undrive | Katie Cowzer Tara Delaney Ben Byrne Matthew Byrne Scott Doyle Farrell |
TU Dublin |
Winner
| hearme. | Ivan Savintsev ZvontsovGiacomo Zeno Carneil | Dublin City University |
Category 2: Social Marketing
Marketing & Communications
Finalists
| Project Title | Name of Student(s) | Name of Campus |
| Pave The Way – For a Greener Future | Sofia Hogberg | TU Dublin |
| Eco-Ride: A Fun and Rewarding Way to Choose Sustainable Campus Transport | Edoardo Cirefice | TU Dublin |
| #ReadySetGo | Lucy O’Callaghan | TU Dublin |
| Dublin’s Got Sole | Shane McDermott | TU Dublin |
| TU Dublin Campus Bike App | Briona Freeman | TU Dublin |
| Travel for Future | Emma Ed | TU Dublin |
| Distance for Discount | Sinead Ahearne | TU Dublin |
| Sing & Save | Nathan McCarthy | TU Dublin |
| Leap Loyalty | Alannah McGuirk | TU Dublin |
| Step More Scroll Less | Isabelle Sheehan | TU Dublin |
Winner
| Fuel Up With Friends | Niamh Murray | TU Dublin |
Programmes & Advocacy
Finalists
| Project Title | Name of Student(s) | Name of Campus |
| Pool Together | Luke Raymond Charley Delaney Byrne Deano Doran Cian Ryan |
TU Dublin |
| Rent a Bike with the Active Travel Society | Niamh Conroy Riona McKeon Laoise Ryan Karina Mackle |
Dublin City University |
| Take The Safe Lane | Emily Dooley | TU Dublin |
| DCU Moves | Ciara Kavanagh Nicole Barry Jenna Osborne Hannah Nolan |
Dublin City University |
| Cycle Now | Nicole Harford Kamil Sztyler Patrick Harmon Sophie Armstong Johns Roice |
Dublin City University |
| Green Wheels Scavenger Hunt | Jack McQuillan | TU Dublin |
| Bike to DCU | Martin Feeney Aaron Cummins Shane Kennedy Conor Gibney Mark McPhillips |
Dublin City University |
| Leap Further | Philip Maguire | TU Dublin |
Category 3: Media
Animation
Finalists
| Project Title | Name of Student(s) | Name of Campus |
| Think Smart | Kayleigh Walsh | Technological University of the Shannon |
| How Many Calories Do You Burn in a Car? | Ceara Daly Benjamin Nielsen Naoise Walsh Nadine Mc Brearty |
ATU Donegal |
| Healthy Cycling | Leah Eichinger Ryan McDaid Sheena Brennan |
ATU Donegal |
| Make a Change | Jasmine Reilly | SETU Waterford |
| Walking | Zhukas Arvidas | Dunboyne College of Further Education |
Winner
| The Road Less Travelled | Michaela Keaveney Marek Szunyog Eimear Casey Shaun Kelly |
ATU Donegal |
Graphic Design & Illustration
Finalists
| Project Title | Name of Student(s) | Name of Campus |
| Travelling Green is magic | Madeline Cleary | Limerick College of Further Education |
| Moving Forward | Judy Prendergast | Limerick College of Further Education |
| Take roots and get moving | Irina Kazelnika | Limerick College of Further Education |
| Leap on Board | Irina Kazelnika | Limerick College of Further Education |
| It’s a different kind of movement | Irina Kazelnika | Limerick College of Further Education |
| Trust in the Bus | Andrew Quigley | Limerick College of Further Education |
| A Greener Cycle | Dallum O byrne | Limerick College of Further Education |
| Let’s Synchronise | James Curran | Limerick College of Further Education |
| The Green Lane is the New Fast Lane | Andrew Quigley | Limerick College of Further Education |
| Making Tracks | Caroline Kelly | Limerick College of Further Education |
Winner
| Get on Board and Travel Smarter | Trudy Reardon | Limerick College of Further Education |
Audio
Finalists
| Project Title | Name of Student(s) | Name of Campus |
| Student Leap Card | Neill Nevin Jessica Gardiner- Mcinerney Dan Hurduc Ryan Parsons Lee Hogan |
Technological University of the Shannon |
| For the world you want to keep | Tom O Dowd Ryan Bradley Conor Clancy Diarmuid Hanley Ruairi Flynn |
Technological University of the Shannon |
| The Fabled Leap Card | Hugh McGuire Gurdev Neote Stephen Price Shaun Storan Ben Cosgrave |
Technological University of the Shannon |
| Bike share scheme advertisment | Jake Power | SETU Waterford |
| Bike Share Audio Promotion | Diarmuid O Connor | SETU Waterford |
| TFI Bikeshare Scheme – Share Our Planet | Osvaldas Domarkas | SETU Waterford |
| Smarter Travel | Abdalhamed Daoud | SETU Waterford |
| TFI BikeShare | Sunny Keenan | SETU Waterford |
| Be like the princess, take a leap at love! | Juliana Wong | SETU Waterford |
Winner
| Nightmare on Leap Street | Emma Ward Luisa Juht Katelen Ryan Sarah O Donovan Zara O’Donoghue |
Technological University of the Shannon |
Lecturer Recognition Award
| Name | Name of Campus |
| Dr Gareth Bennett | Trinity College Dublin |
| Hilda Burton | TU Dublin |
| Roisin Crowley | Technological University of the Shannon |
| Colm Dunphy | SETU Waterford |
| Audrey Fitzgerald | Limerick College of Further Education |
| Geraldine Lane | Dunboyne College of Further Education |
| Ciara McCormack | Dublin City University |
| Cormac O’Kane | ATU Donegal |
| Sheila O’Mahony | MTU Kerry |
| Cormac O’Kane | ATU Donegal |
| Sinead O’Riordan | SETU Waterford |
| Emmet Sexton | SETU Carlow |
| Dr Róisín Vize | TU Dublin |