Taisteal Níos Cliste TFI d’Áiteanna Oibre

Maidir le Taisteal Níos Cliste TFI d’Áiteanna Oibre

Is é is Taisteal Níos Cliste TFI ann ná clár um athrú iompraíochta a oibríonn le fostóirí móra chun cur chun feidhme a dhéanamh ar Phleananna deonacha Taistil don Áit Oibre lena ndéantar comaitéireacht inbhuanaithe ghníomhach a chur chun cinn agus a spreagadh.

Bíonn líon méadaitheach fostóirí Éireannacha ag gabháil don Taisteal Níos Cliste, agus iad ag obair lena gcuid fostaithe chun iompar inbhuanaithe a spreagadh mar roghanna taistil, rud a laghdaíonn costais taistil, a chuireann le folláine fostaithe agus a éascaíonn rochtain níos fearr agus bainistíocht páirceála níos fearr.Is féidir leat liosta dár gComhpháirtithe sa chlár agus rogha Scéalta Ratha a fheiceáil trí chuairt a thabhairt ar ‘Taisteal Níos Cliste TFI – Comhpháirtithe Áiteanna Oibre’.

Cad is Plean Taistil don Áit Oibre ann?

Is é is Plean Taistil don Áit Oibre ann ná pacáiste beart a bhfuil mar aidhm leo laghdú a dhéanamh ar an ngá atá ann le duine aonair a bheith ag taisteal leis nó léi féin sa charr. Cuimsíonn an plean taistil gníomhartha chun siúl, rothaíocht, an t-iompar poiblí, carr-roinnt, comhroinnt carranna agus cleachtais oibre solúbtha a chur chun cinn, mar aon leis an teicneolaíocht a úsáid seachas taisteal.

Cén fáth a bhfuil Pleananna Taistil don Áit Oibre ábhartha do m’Eagraíocht?

Is minic a bhíonn taisteal fostaithe ina chostas dofheicthe d’eagraíochtaí, ó thaobh ama de agus ó thaobh airgid de araon.

Is é atá i bPleananna Taistil don Áit Oibre ná pacáiste beart a chothaíonn nósanna taistil níos inbhuanaithe agus níos cost-éifeachtúla i measc fostaithe, cliant agus cuairteoirí. Cé go ndírítear sna pleananna sin ar chomaitéireacht fostaithe i bhformhór na gcásanna, pléitear iontu le taisteal gnó, le bainistíocht flít agus leis an iompar lastais freisin i gcás gur gníomhaíochtaí suntasacha iad sin laistigh den eagraíocht. Is féidir le heagraíocht roinnt tairbhí a bhaint as Plean Taistil don Áit Oibre a chur chun feidhme. Tá na tairbhí sin leagtha amach thíos.

Cás Gnó a Dhéanamh ar son Plean Taistil don Áit Oibre

Is féidir le fostóir tairbhí móra a bhaint as taisteal níos cliste a chur chun cinn go héifeachtach. Áirítear iad seo a leanas leis na tairbhí sin:

  • Laghdú ar chostais a bhaineann le spásanna páirceála a sholáthar d’fhostaithe nó do chuairteoirí;
  • Laghdú ar chostais mhíleáiste gnó;
  • Laghdú ar an méid ama phearsanta a chaitheann baill foirne ag taisteal chun críocha gnó;
  • Laghdú ar an mbrú ar spásanna páirceála, a fhágann go mbeidh siad ar fáil do na daoine a bhfuil an gá is mó acu leo;
  • Méadú ar fholláine fostaithe agus ar an líon deiseanna neartú foirne;
  • Laghdú ar astaíochtaí carbóin a bhaineann leis an taisteal;
  • An cumas chun úsáid níos táirgiúla a bhaint as talamh a úsáideadh roimhe seo chun críocha páirceála;
  • Méadú ar a shábháilte agus ar a bhreosla-éifeachtúla a bhíonn tiomáint flít;
  • Méadú ar a inrochtana atá láithreán an fhostóra le haghaidh fostaithe, cuairteoirí agus soláthraithe;
  • Comhlíonadh coinníollacha ceada pleanála;
  • Laghdú ar neamhláithreachas; agus
  • Laghdú ar íocaíochtaí ÁSPC ón bhfostóir (tríd an scéim um Rothaíocht chun na hOibre agus tríd an ticéad Taxsaver le haghaidh scéimeanna iompair phoiblí).

Tá ciall gnó le Pleananna Taistil don Áit Oibre agus tá siad á gcur i bhfeidhm ag roinnt de na fostóirí is mó in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus ar fud an domhain mar chroístraitéis bainistíochta gnó. Is ceannairí margaidh iad na heagraíochtaí sin agus faigheann siad creidiúnú agus dámhachtainí go rialta chun aitheantas a thabhairt dá gcuid éachtaí sa réimse seo, mar shampla ISO14001, Na hÁiteanna Oibre Is Fearr in Éirinn, Dámhachtainí Glasa agus Dámhachtainí Chomhlachais Tráchtála na hÉireann.

Ar bhonn idirnáisiúnta, tá fianaise ann go laghdaítear úsáid an chairr ag áititheoirí aonair mar gheall ar Phleananna Taistil don Áit Oibre, áit a mbíonn an laghdú ag brath ar mhéid an phlean taistil agus ar shaincheisteanna atá sonrach don láithreán. Is féidir le heagraíochtaí coigiltí suntasacha, ó thaobh airgid de agus ó thaobh am fostaithe de araon, a bhaint as an laghdú sin.

Cé go mbíonn bearta ‘crua’ (e.g. bonneagar amhail spásanna páirceála rothar, rotharbhealaí, cithfholcadáin agus taisceadáin) i gceist le Pleananna Taistil don Áit Oibre uaireanta, is féidir iad a dhíriú ar bhearta ‘boga’ (e.g. cur chun cinn, margaíocht, imeachtaí). Tá formhór na ngníomhartha sna pleananna sin ina ngníomhartha an-infheicthe ísealchostais agus rannchuidíonn siad le cultúr inbhuanaitheachta a chothú laistigh den eagraíocht.