Taisteal Níos Cliste TFI do Champais

Fáilte go Taisteal Níos Cliste TFI do Champais

Is é is Taisteal Níos Cliste TFI ann ná clár um athrú iompraíochta a oibríonn le Campais Tríú Leibhéal chun cur chun feidhme a dhéanamh ar Phleananna deonacha Taistil don Áit Oibre lena ndéantar comaitéireacht inbhuanaithe ghníomhach a chur chun cinn agus a spreagadh.

Bíonn líon méadaitheach Campas Tríú Leibhéal in Éirinn ag gabháil don Taisteal Níos Cliste, agus iad ag obair le mic léinn agus le fostaithe chun roghanna iompair níos inbhuanaithe a spreagadh, rud a éascaíonn rochtain níos fearr, a chuireann le folláine mac léinn agus fostaithe, a laghdaíonn costais taistil agus astaíochtaí carbóin agus a éascaíonn bainistíocht páirceála níos fearr.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoinár gComhpháirtithe sa chlár agus faoina scéalta ratha trí chuairt a thabhairt ar Taisteal Níos Cliste TFI – Comhpháirtithe Campas’.

Cad is Plean Taistil don Champas ann?

Is é atá i bPlean Taistil don Champas ná pacáiste beart a chothaíonn nósanna taistil níos inbhuanaithe agus níos cost-éifeachtúla i measc mic léinn, fostaithe agus cuairteoirí.

Cuimsíonn pleananna taistil gníomhartha chun siúl, rothaíocht, an t-iompar poiblí, carr-roinnt, comhroinnt carranna agus cleachtais oibre solúbtha a chur chun cinn, mar aon leis an teicneolaíocht a úsáid seachas taisteal. Cé go ndírítear i bPleananna Taistil don Champas ar chomaitéireacht i bhformhór na gcásanna, pléitear iontu freisin in amanna le taisteal gnó agus le taisteal soláthraithe agus cuairteoirí chun an champais.

Cén fáth a bhfuil Pleananna Taistil don Champas ábhartha do mo Champas?

Is minic a bhíonn taisteal mac léinn agus fostaithe ina chostas dofheicthe d’eagraíochtaí, ó thaobh ama de agus ó thaobh airgid de araon.

Is féidir leis an eagraíocht tairbhí móra a bhaint as taisteal níos cliste chun an champais a chur chun cinn go héifeachtach. Áirítear iad seo a leanas leis na tairbhí sin:

  • Méadú ar a inrochtana atá an campas le haghaidh mic léinn, fostaithe, cuairteoirí agus soláthraithe;
  • Laghdú ar chostais a bhaineann le spásanna páirceála a sholáthar do mhic léinn, d’fhostaithe nó do chuairteoirí;
  • Laghdú ar an mbrú ar spásanna páirceála, a fhágann go mbeidh siad ar fáil do na daoine a bhfuil an gá is mó acu leo;
  • Laghdú ar chostais mhíleáiste agus ar an méid ama phearsanta a chaitear ag taisteal;
  • Méadú ar fholláine mac léinn agus fostaithe agus ar an líon deiseanna neartú foirne;
  • Laghdú ar astaíochtaí carbóin a bhaineann leis an taisteal;
  • An cumas chun úsáid níos táirgiúla a bhaint as talamh a úsáideadh roimhe seo chun críocha páirceála;
  • Comhlíonadh coinníollacha ceada pleanála;
  • Laghdú ar neamhláithreachas; agus
  • Laghdú ar íocaíochtaí ÁSPC ón bhfostóir (tríd an scéim um Rothaíocht chun na hOibre agus tríd an ticéad Taxsaver le haghaidh scéimeanna iompair phoiblí).

Tá ciall gnó le Pleananna Taistil don Champas agus tá siad á gcur i bhfeidhm ag roinnt de na hInstitiúidí Tríú Leibhéal agus na fostóirí is mó in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus ar fud an domhain mar chroístraitéis bainistíochta gnó. Is ceannairí margaidh iad na heagraíochtaí sin agus faigheann siad creidiúnú agus dámhachtainí go rialta chun aitheantas a thabhairt dá gcuid éachtaí sa réimse seo, mar shampla Bratacha Glasa, ISO14001, Na hÁiteanna Oibre Is Fearr in Éirinn agus Dámhachtainí Chomhlachais Tráchtála na hÉireann.

Ar bhonn idirnáisiúnta, tá fianaise ann go laghdaítear úsáid an chairr ag áititheoirí aonair mar gheall ar phleananna taistil, áit a mbíonn an laghdú ag brath ar mhéid an phlean taistil agus ar shaincheisteanna atá sonrach don láithreán. Is féidir le heagraíochtaí coigiltí suntasacha, ó thaobh airgid de agus ó thaobh am fostaithe de araon, a bhaint as an laghdú sin.

Cé go mbíonn bearta ‘crua’ (e.g. bonneagar amhail spásanna páirceála rothar, rotharbhealaí, cithfholcadáin agus taisceadáin) i gceist le pleananna taistil don champas uaireanta, is féidir leo díriú go príomha ar bhearta ‘boga’ (e.g. cur chun cinn, margaíocht, imeachtaí). Tá formhór na ngníomhartha i bPleananna Taistil don Champas ina ngníomhartha an-infheicthe ísealchostais agus rannchuidíonn siad le cultúr inbhuanaitheachta a chothú laistigh den eagraíocht.