Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide

Pleananna Taistil don Áit Oibre d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide

Is féidir le heagraíochtaí de gach méid tairbhe a bhaint as modhanna taistil níos gníomhaí agus níos inbhuanaithe a bheith á n-úsáid ag fostaithe uaireanta nó go rialta agus iad ag dul chun na hoibre. Más rud é go n-oibríonn tú i bhfiontar beag nó meánmhéide agus gur mhaith leat a fháil amach conas is féidir leat taisteal inbhuanaithe agus comaitéireacht ghníomhach a chur chun cinn, gheobhaidh tú roinnt acmhainní ar an leathanach ‘Taisteal Níos Cliste – Acmhainní agus Imeachtaí’ chun cabhrú leat déanamh amhlaidh.

Cé na nithe is féidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide a bhaint amach?

Is ionann d’eagraíochtaí beaga agus d’eagraíochtaí móra na héachtaí is féidir a bhaint amach. Toisc go bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide níos lú ná eagraíochtaí móra, tá seans níos fearr ann go mbuailfidh a gcuid fostaithe le chéile ar bhonn rialta agus go mbeidh siad in ann gabháil d’imeachtaí ar an láithreán, amhail cothabháil rothar agus cur chun cinn foireannbhunaithe an tsiúil.

Trí obair i gcomhpháirt le heagraíocht chomharsanach, is féidir go bhfaighidh tú tuilleadh roghanna fós maidir leis na nithe is féidir leat a dhéanamh agus a chur chun cinn laistigh de d’áit oibre.

Áirítear iad seo a leanas leis na tairbhí a bhaineann fiontair bheaga agus mheánmhéide as iompar níos inbhuanaithe a úsáid ar an turas chun na hoibre:

  • Laghdú ar chostais a bhaineann le spásanna páirceála a sholáthar;
  • Laghdú ar íocaíochtaí ÁSPC ón bhfostóir (tríd an scéim um Rothaíocht chun na hOibre agus trí scéimeanna ticéad Taxsaver);
  • Méadú ar fholláine fostaithe;
  • Feabhas ar phróifíl inbhuanaitheachta na heagraíochta;
  • Laghdú ar an mbrú ar spásanna páirceála; agus
  • Laghdú ar chostais mhíleáiste gnó.

Uirlisí le haghaidh Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide

Leis an Treoir don Lucht Cur Chun Feidhme maidir le Pleananna Taistil don Áit Oibre, cabhrófar leat Plean Taistil a fhorbairt agus a chur chun feidhme do d’áit oibre.

Déan teagmháil linn dá mba mhaith leat an clár Taistil Níos Cliste a phlé tuilleadh.