An Feachtas Rothaíochta ‘Light Up Your Life’ ‘Soilsigh Do Shaol’

Toisc go mbíonn an mhaidin agus an tráthnóna ag éirí níos dorcha de réir mar a dhruideann an geimhreadh linn, tá sé tábhachtach a chinntiú go mbíonn rothaithe infheicthe ar a rothair, agus soilse tosaigh agus cúil orthu, agus go gcaitheann siad éadaí ard-infheictheachta i gcónaí.

I gcomhthráth le cur siar an chloig, tá an Fhoireann Taistil Níos Cliste ag tabhairt cuireadh dár gcuid Comhpháirtithe a saol a ghealadh trínár bhfeachtas ‘Light Up Your Life’.

Is féidir le haon chomhpháirtithe atá ag iarraidh páirt a ghlacadh san fheachtas póstaeir agus íomhánna meán sóisialta a íoslódáil chun an feachtas a chur chun cinn laistigh dá n-áit oibre nó dá gcampas trí chliceáil ar na naisc ábhartha thíos.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le info@smartertravelworkplaces.ie

 

Acmhainní le haghaidh ‘Light Up Your Life’  Soilsigh Do Shaol