Uirlisí agus Leideanna le haghaidh Siúil

Is é siúl an cineál gníomhaíochta fisiciúla is sine agus is nádúrtha is féidir a dhéanamh in áit ar bith ag am ar bith. Ní theastaíonn trealamh galánta, ní minic a fhulaingítear gortuithe agus is féidir leis an siúl a bheith ina ghníomhaíocht thíriúil spraíúil! Ar an gcéad leathanach eile, tugtar roinnt uirlisí, leideanna agus comhairle a chabhróidh le daoine tosú.

Uirlisí Siúil

An Uirlis Iniúchta Deartha Uilíoch ar an Insiúltacht

Forbraíodh an Uirlis Iniúchta Deartha Uilíoch ar an Insiúltacht mar chomhthionscadal idir an tÚdarás Náisiúnta Iompair, Aoisbhá Éireann, Clár na Scoileanna Glasa, agus an Lárionad Sármhaitheasa i nDearadh Uilíoch atá á reáchtáil ag an Údarás Náisiúnta Míchumais. Is féidir an tIniúchadh a úsáid chun na dálaí reatha ar bhealach sonraithe siúil a mheas bunaithe ar a insiúlta atá sé.

Leideanna agus acmhainní lena gcabhrófar le bealach siúil a phleanáil

Bíonn sé measartha eachtrúil bealaí nua siúil a aimsiú i do limistéar áitiúil nó bealaí siúil a aimsiú lena n-úsáid chun taisteal chun na hoibre nó an champais. Is féidir leis sin tú a spreagadh tuilleadh siúil a dhéanamh le linn an lae freisin.

Agus bealach siúil á phleanáil agat, molaimid duit roinnt taighde a dhéanamh roimh ré chun a chinntiú go bhfaighidh tú an bealach agus an t-eispéireas siúil is fearr is féidir. Cabhróidh sé sin go mór lena chinntiú go mbeidh an siúl ina mhodh inbhuanaithe iompair agus ina chineál taitneamhach aclaíochta i do ghnáthamh laethúil.

Molaimid duit smaoineamh faoi na nithe seo a leanas:

  • An féidir leat bealach spéisiúil siúil a chruthú timpeall ar do limistéar áitiúil trí chonairí nó pasáistí nasctha a aimsiú idir eastáit tithíochta, páirceanna áitiúla agus príomhbhóithre?
  • An bhfuil bealach siúil nó gréasán cosán ann ar do pháirc nó d’fhaiche spóirt áitiúil, ar nithe iad is féidir a chur san áireamh i do bhealach siúil?
  • An gcónaíonn tú in aice le haon bhóithre nó aon lánaí a bhíonn ciúin ó thaobh tráchta de agus a mbíonn sé sábháilte siúl orthu?
  • Fiafraigh de na daoine i do phobal áitiúil faoina mbealaí siúil féin. Tá seans ann go mbeidh siad in ann a dtaithí a chomhroinnt leat agus leideanna áitiúla iontacha a thabhairt duit.
  • Má theastaíonn cabhair uait an bealach is giorra ó phointe A go pointe B a roghnú, beidh tú in ann Pleanálaí Turais TFI ó Transport for Ireland a úsáid. Clúdaítear formhór na gceantar uirbeach leis an bPleanálaí Turais.

Bealaí Siúil Shlí na Sláinte: Is ann do bhreis agus 250 ceann de bhealaí siúil Shlí na Sláinte sa tír. Tá comharthaí bealaí ar fáil i ngach ceann díobh agus tugann siad deis iontach do dhaoine dul amach le haghaidh turas tíriúil siúil agus labhartha le baill teaghlaigh agus le cairde. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar ‘Foras Croí na hÉireann – Bealaí Shlí na Sláinte’.

Siúlóidí Lúbtha Náisiúnta agus Conairí Foraoise: Is ann do bhreis agus 175 Shiúlóid Lúbtha Náisiúnta ar fud na hÉireann. Áirítear leo siúlóidí gearra agus siúlóidí fada araon. Chomh maith leis sin, is ann do bhreis agus 250 siúlóid foraoise i suíomhanna foraoise ar fud na tíre. Le haghaidh tuilleadh sonraí, tabhair cuairt ar getirelandwalking.ie, ar coillte.ie agus ar irishtrails.ie

Chun tuilleadh uirlisí agus leideanna a fháil faoi thosú, faoi aire a thabhairt do do shláinte agus faoi bheith sábháilte agus tú ag siúl, is féidir leat cuairt a thabhairt ar ‘Foras Croí na hÉireann’, ar ‘Cuir Muintir na hÉireann ag Bogadh’, ar ‘Cuir Muintir na hÉireann ag Siúl’ agus ar ‘An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre’.

Siúl mar Mhodh Iompair

Chun faisnéis a fháil faoi shábháilteacht coisithe, téigh chuig suíomh Gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Ní hé amháin gur gníomhaíocht fóillíochta é an siúl, ach is modh éifeachtach iompair é freisin, rud lena ngabhann na tairbhí uile a bhaineann le bheith gníomhach. Slí iontach chun aer úr a fháil, chun do ghníomhaíocht a mhéadú agus chun do lorg carbóin a laghdú is ea siúl mar mhodh iompair. Is dóigh gur gasta é ná mar a shíleann tú freisin! Ar an meán, tógann sé suas le 12-15 nóiméad chun aon chiliméadar a shiúl.

Is féidir gurb iad na turais seo a leanas na turais is fearr le haghaidh an siúl a chur ar áireamh:

  • Turais chun na hoibre nó chun an champais – má tá an áit oibre nó an campas gar go leor do d’áit chónaithe. Murab ionann is tiomáint, bíonn agaí siúil an-chomhsheasmhach agus an-iontaofa;
  • Ar thaisteal gnó – bíonn an trácht dothuartha le linn an lae oibre ar fad. I gcás go bhfuil tú amuigh ar ghnó nó ag dul chuig cruinnithe in áiteanna atá measartha gar don áit oibre, beidh sé ciallmhar, agus sábhálfaidh tú am, má shiúlann tú nuair is féidir leat;
  • Chuig stáisiún iarnróid nó chuig stad bus;
  • Chuig siopaí áitiúla – chun siopadóireacht breisithe a thógáil abhaile nó chun dul ar do shos lóin, fiú. Ní bheidh brú ort áit páirceála a aimsiú ach oiread;
  • Chuig páirceanna nó chuig saoráidí spóirt – cé gur rud iontach é dul amach chun aer úr a fháil agus dul i mbun aclaíochta, is féidir go mbainfear an mhaitheas as má thiomáineann tú ann. Bain triail as siúl ina áit – d’fhéadfá iarraidh ar chairde nó ar bhaill teaghlaigh leat dul in éineacht leat; agus
  • Cuairt a thabhairt ar chairde – bain triail as siúl le do chairde in áit tiomáint chuig an bpáirc áitiúil nó chuig an siopa caife!

Tugann an t-iompar poiblí sárdheis duit an siúl a chur san áireamh i do thuras freisin. An chéad uair eile atá tú ag pleanáil do thurais, breithnigh na nithe seo a leanas chun an siúl a chur ar áireamh:

  • An fad go dtí an tseirbhís iompair phoiblí is gaire;
  • Imeacht ag stad amháin nó dhó níos luaithe agus an chuid eile den turas a shiúl;
  • Siúl ó sheirbhís iompair amháin chuig an gcéad cheann eile agus tú ar thurais fhada;
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar ‘Taisteal Níos Cliste TFI – An tIompar Poiblí’.

I gcásanna áirithe, ní féidir modh eile iompair a úsáid in ionad an chairr phríobháidigh. Más amhlaidh sin, breithnigh na nithe seo a leanas chun an siúl a chur ar áireamh i do chéad turas iompair eile:

  • An carr a pháirceáil ag stáisiún iompair phoiblí nó in aice láimhe. Is féidir leat taisteal níos inbhuanaithe a chur san áireamh i do thuras ansin tríd an iompar poiblí a úsáid agus tríd an gcuid eile den turas a shiúl;
  • An carr a pháirceáil 2-3 chiliméadar ar shiúl ó do cheann scríbe agus an chuid eile den turas a shiúl; agus
  • Córas carr-roinnte a eagrú le do chomhghleacaithe agus siúl chuig an ionad ainmnithe bailithe ansin.

Dúshláin Chéime an Chláir Taistil Níos Cliste

Reáchtáiltear na Dúshláin Chéime fhoireannbhunaithe spraíúla Marchathon agus Walktober i mí an Mhárta agus i mí Dheireadh Fómhair faoi seach. Tá siad ar oscailt do na baill foirne agus na mic léinn de chuid áiteanna oibre agus campas tríú leibhéal ar comhpháirtithe iad de chuid an Chláir Taistil Níos Cliste. Téann foirne ó gach cuid den tír in iomaíocht lena chéile chun áit a bhaint amach ar ár gCláir Ceann Riain. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Dhúshláin Siúil, tabhair cuairt ar www.stepchallenge.ie.