Iarnród

Chuaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) isteach i gConradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí le hIarnród Éireann le haghaidh seirbhísí iarnróid do phaisinéirí a sholáthar in Éirinn. Déanaimid athbhreithniú ar fheidhmíocht Iarnród Éireann chuige sin agus foilsímid tuarascálacha ráithiúla ar fheidhmíocht.

Conarthaí

Chuaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair isteach i gconradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí le hIarnród Éireann le haghaidh seirbhísí iarnróid do phaisinéirí a sholáthar in Éirinn.

Leagtar amach sa chonradh na ceanglais feidhmíochta nach mór d’Iarnród Éireann a chomhlíonadh i gcomaoin fóirdheontas poiblí a fháil mar íocaíocht. Coinnítear cuid den íocaíocht fóirdheontais sin siar agus ní íocfar í ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh Iarnród Éireann na spriocanna feidhmíochta. Tá an conradh reatha le hIarnród Éireann ar fáil thíos.

Tá an conradh bunaidh agus na sceidil bhunaidh ar fáil anseo:

Conarthaí Roimhe

Le héifeacht ón 1 Nollaig 2012, leasaigh an tÚdarás forálacha áirithe den Chonradh, leasaigh sé Sceideal D agus chuir sé Sceideal E nua isteach.

Tá an conradh roinnte sna ranna seo a leanas: 

  • Conradh
  • Sceideal A – Seirbhísí agus Leibhéil Seirbhísí atá le Soláthar ag an Oibritheoir
  • Sceideal B – Oibleagáidí Feidhmíochta
  • Sceideal C – Ceanglais Tuairiscithe
  • Sceideal D – Cúiteamh
  • Sceideal E – Creat-chomhaontú Deontas

Leasaigh an tÚdarás na hoibleagáidí feidhmíochta (Sceideal B) roimhe sin agus tá na ceanglais reatha ar fáil anseo.

Foráiltear leis an gconradh d’aon athruithe seirbhíse a leagtar amach i Sceideal A a ghabhann leis an gconradh a bheith á gceadú ag an Údarás. Tá an leagan reatha de Sceideal A ar fáil anseo.

Ceanglaítear ar Iarnród Éireann tuairisc a thabhairt ar bhonn ráithiúil ar a fheidhmíocht i gcomparáid leis na spriocanna a leagtar amach sa Chonradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí.