An Cabhán – an Longfort (Bealach 975)

Sa bhliain 2016, chuaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair isteach i gconradh le Andrew Wharton Limited le haghaidh seirbhís bus phoiblí Bhealach 975 a sholáthar.

Seoltar an bealach bus seo idir an Longfort agus Institiúid Teicneolaíochta an Chabháin, agus tá stadanna aige sna háiteanna seo:

  • Crois Chathanaigh
  • Crois Liatroma
  • Droim Lis
  • Béal Átha na Muc
  • Crois na Lagaí
  • Crois na Maighne
  • Ármhach
  • Cora an Fhéich
  • Corr na Féinne
  • Crois Domhnaigh

Leagtar amach sa chonradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí na ceanglais feidhmíochta nach mór do Andrew Wharton Limited a chomhlíonadh i gcomaoin fóirdheontas poiblí a fháil mar íocaíocht.  Coinnítear cuid den íocaíocht sin siar gach mí agus ní íocfar í ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh Andrew Wharton Limited na spriocanna feidhmíochta.

Conradh agus Sceidil:

Foráiltear leis an gconradh d’aon athruithe seirbhíse a leagtar amach i Sceideal 1 a ghabhann leis an gConradh a bheith á gceadú ag an Údarás.

Déanann an tÚdarás athbhreithniú ar fheidhmíocht Andrew Wharton Limited ar bhonn ráithiúil, agus tá na tuarascálacha ina leith ar fáil thíos.

Tuarascálacha ar Fheidhmíocht

Ceanglaítear ar Wharton’s Travel Limited tuairisc a thabhairt ar bhonn ráithiúil ar a fheidhmíocht i gcomparáid leis na spriocanna a leagtar amach sna conarthaí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí.

Tuarascálacha Ráithiúla ar Fheidhmíocht, 2019
Tuarascálacha Ráithiúla ar Fheidhmíocht, 2018
Tuarascálacha Ráithiúla ar Fheidhmíocht, 2017
Tuarascálacha Ráithiúla ar Fheidhmíocht, 2016