An Clár Iompair Tuaithe

An Clár Iompair Tuaithe

Is é ráiteas misin an Chláir Iompair Tuaithe ‘córas pobalbhunaithe náisiúnta iompair phoiblí den scoth a fhreagraíonn do riachtanais áitiúla a sholáthar i gceantar tuaithe na hÉireann’.

Seoladh an Clár Iompair Tuaithe (an Clár) sa bhliain 2007 chun cur leis an méid mór a bhain an Tionscnamh Iompair Tuaithe (an Tionscnamh), a réamhtheachtaí, amach.

Bunaíodh an Tionscnamh mar threoirthionscadal sa bhliain 2002 chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb an ghanntanais iompair i limistéir thuaithe. Leagadh díriú sonrach sa Tionscnamh ar fhreagairt don iargúltacht tuaithe agus ar fheabhas a chur ar shoghluaisteacht, inrochtaineacht agus rannpháirtíocht sa phobal do mhuintir na háite, go háirithe iad sin atá i mbaol an eisiaimh shóisialta.

Roghnaíodh an Clár lena athbhreithniú faoin ‘Tionscnamh Athbhreithnithe Beartais agus Luach ar Airgead’, arb é meastóireacht an Rialtais ar chláir chaiteachais phoiblí é, ar aon dul le gealltanas a tugadh ag seoladh an Chláir Iompair Tuaithe sa bhliain 2007.

Ba é an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt a rinne an tAthbhreithniú agus foilsíodh an tuarascáil go luath sa bhliain 2012.  Bhí an Clár faoi bhainistiú ag Pobal go dtí mí Aibreáin 2013. Aistríodh an fhreagracht sin chuig an Údarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) ansin, áfach, agus cuireadh de chúram ar an Údarás formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí a rinneadh san Athbhreithniú.

Tríd an bhfreagracht as an gClár agus as an iompar comhtháite áitiúil agus tuaithe ar fad a leagan ar an Údarás, éascaítear formhaoirseacht níos fearr ar na seirbhísí iompair áitiúla agus tuaithe uile a fhaigheann cistiú Stáit. Cumasaítear leis naisc níos fearr a fhorbairt idir seirbhísí iompair áitiúla agus tuaithe agus seirbhísí bus agus iarnróid náisiúnta. Cuirtear ar chumas an Údaráis leis freisin bearnaí sa soláthar seirbhíse a shainaithint agus na bearnaí sin a líonadh ar an mbealach is éifeachtaí.

I measc na moltaí a rinneadh sa Tionscnamh Athbhreithnithe Beartais agus Luach ar Airgead, mionsonraíodh plean le haghaidh athstruchtúrú eagrúcháin an Chláir. Leagadh díriú sa phlean sin ar 15 Limistéar oibriúcháin Nasc Áitiúil a bhunú le haghaidh seirbhísí iompair áitiúla agus tuaithe sna limistéir sin. Bainistíonn gach oifig ar leith na gnáthiarrataí laethúla agus an gnáthsholáthar laethúil seirbhísí bus sa limistéar sin thar ceann an Údaráis.

Oibríonn an Clár Iompair Tuaithe faoin ainm branda Local Link agus oibrítear dhá chineál seirbhísí bus:

  • Bealaí ó Dhoras go Doras
  • Bealaí Sceidealta

Príomhghnéithe:

  • Dhá mhilliún turas paisinéirí in aghaidh na bliana a chur i gcrích, dá bhfuil milliún amháin turas á soláthar do Phaisinéirí Saorthaistil.
  • 63 Sheirbhís sceidealta agus 1,350 Seirbhís atá ag Freagairt don Éileamh.
  • Taisteal níos mó ná 11.8 milliún ciliméadar in aghaidh na bliana.
  • Bíonn na seirbhísí á soláthar ag níos mó ná 400 Oibritheoir Príobháideach lena mbaineann suas le 900 tiománaí.
  • Anuas ar sheirbhísí rialta iompair phoiblí agus seirbhísí atá ag Freagairt don Éileamh a sholáthar, cistíonn an Clár an soláthar turas ‘Aonuaire’ do dhaoine aonair agus do ghrúpaí pobail/deonacha chun aghaidh a thabhairt ar eisiamh sóisialta faoin tuath.
  • Sainmhínítear 80% de thurais seirbhíse a bheith inrochtana go hiomlán nó inrochtana go páirteach.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh Gréasáin Local Link nó buail isteach san oifig de chuid Local Link is cóngaraí duit.

Tá sonraí faoi Sheirbhísí sceidealta Nasc Áitiúil ar fáil freisin trí Phleanálaí Turais TFI.

 

An Clár Iompair Tuaithe: Méadú sa Líon Turas Paisinéirí

Bliain Turais Phaisinéirí (ina milliúin) Athrú Céatadánach i gcomparáid leis an mBliain Roimhe
2015 1.76 Gan athrú
2016 1.79 +1.7
2017 1.89 +5.6
2018 2m +5.8
2019 2.5m +25