Bus

Feidhm reachtúil de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) faoin Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1370/2007 is ea meascán cuí a chinneadh idir seirbhísí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí a dhámhtar go díreach agus iad sin a chuirtear amach ar thairiscintí iomaíocha.

Soláthraítear seirbhísí bus faoi chonarthaí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí agus is iad oibritheoirí bus tráchtála ceadúnaithe a sholáthraíonn iad. I gcás seirbhísí conraithe, ní mór don Údarás athbhreithniú a dhéanamh ar gach cuideachta agus tuarascálacha ráithiúla ar fheidhmíocht a fhoilsiú.

Tháinig seirbhísí bus eile, amhail an Clár Iompair Tuaithe, faoi choimirce an Údaráis Náisiúnta Iompair i mí Aibreáin 2012.

Dámhachtain Dhíreach Conarthaí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí le haghaidh Seirbhísí Bus sa bhliain 2014

I mí na Samhna 2013, chinn an tÚdarás Náisiúnta Iompair:

  • Conradh nua le haghaidh seirbhísí bus poiblí a sholáthar laistigh de Limistéar Bhaile Átha Cliath (ó mhí na Nollag 2014 i leith) a dhámhachtain do Bhus Átha Cliath ar feadh tréimhse cúig bliana. Ní áirítear roinnt seirbhísí roghnaithe leis sin, áit a mairfidh an conradh Dámhachtana Dírí tréimhse dhá bhliain.
  • Conradh nua le haghaidh seirbhísí bus poiblí a sholáthar lasmuigh de Limistéar Bhaile Átha Cliath a dhámhachtain do Bhus Éireann ar feadh tréimhse cúig bliana. Ní áirítear roinnt seirbhísí roghnaithe leis sin, áit a mairfidh an conradh Dámhachtana Dírí tréimhse dhá bhliain.
  • Thart ar 10% de sheirbhísí a bhaint de chonradh Dámhachtana Dírí Bhus Átha Cliath sa bhliain 2016, agus comórtas tairisceana a eagrú le haghaidh na seirbhísí roghnaithe sin a sholáthar ar feadh tréimhse cúig bliana (go dtí an bhliain 2021).
  • Thart ar 10% de sheirbhísí a bhaint de chonradh Dámhachtana Dírí Bhus Éireann sa bhliain 2016, agus comórtas tairisceana a eagrú le haghaidh na seirbhísí roghnaithe sin a sholáthar ar feadh tréimhse cúig bliana (go dtí an bhliain 2021).

Liosta de na seirbhísí bus atá ar áireamh i gconradh Dámhachtana Dírí Bhus Átha Cliath (Nollaig 2014).

Liosta de na seirbhísí bus atá ar áireamh i gconradh Dámhachtana Dírí Bhus Éireann (Nollaig 2014).

Liosta de na seirbhísí bus atá le baint de chonradh dámhachtana dírí Bhus Átha Cliath sa bhliain 2016 agus atá le cur amach ar thairiscintí iomaíocha.

Liosta de na seirbhísí bus atá le baint de chonradh dámhachtana dírí Bhus Éireann sa bhliain 2016 agus atá le cur amach ar thairiscintí iomaíocha.

Féadfaidh an tÚdarás na seirbhísí atá ar áireamh i gconradh Dámhachtana Dírí a leasú am ar bith agus ní shriantar na hathruithe sin leis an gcinneadh seo.