Go-Ahead Ireland

Seirbhísí Limistéar Bruach-chathrach Bhaile Átha Cliath

Feidhm reachtúil de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) faoin Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1370/2007 is ea meascán cuí a chinneadh idir seirbhísí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí a dhámhtar go díreach agus iad sin a chuirtear amach ar thairiscintí iomaíocha.

Sa bhliain 2015, d’iarr an tÚdarás léirithe spéise ó oibritheoirí iompair phoiblí chun seirbhísí bus a oibriú ar bhealaí áirithe i Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath.  Idir an bhliain 2016 agus an bhliain 2017, sheol an tÚdarás próiseas tairisceana iomaíche le haghaidh 24 bhealach bus a sholáthar.

Ag teacht sna sála ar thairiscintí a mheasúnú, sainaithníodh Go-Ahead Ireland (GAI) mar Thairgeoir Roghnaithe agus dámhadh conradh cúig bliana i mí Aibreáin 2018 le haghaidh na seirbhísí sin a oibriú. Cuireadh tús le céim slógtha agus seoladh na bealaí de réir a chéile idir R4 2018 agus R1 2019.

Faoi mar a bhí amhlaidh roimhe sin, leanfaidh an tÚdarás leis na seirbhísí uile a oibreofar faoi na conarthaí nua a rialáil.

Tugann an tÚdarás mionsonraí fúthu seo:

  • Na seirbhísí bus atá le soláthar
  • Na tairseacha poncúlachta agus iontaofachta atá le comhlíonadh
  • Socrú táillí
  • Bealaí
  • Feithiclí atá le húsáid ar na seirbhísí
  • Ceanglais maidir leis an tseirbhís do chustaiméirí

Oibríonn GAI na seirbhísí sonraithe anois i gcomaoin táille chomhaontaithe a fháil, agus cuirfidh sé an t-ioncam táillí bailithe ar aghaidh chuig an Údarás.

Coimeádfaidh an tÚdarás rialú iomlán ar sholáthar seirbhísí agus ar chaighdeáin seirbhísí ar fud na mbealaí uile, faoi mar a dhéanann sé i gcás Bhus Átha Cliath agus Bhus Éireann.

Coinnítear cuid den íocaíocht Oibleagáide Seirbhíse Poiblí siar gach mí agus ní íocfar í ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh GAI na spriocanna feidhmíochta.

Amchláir