Bus Átha Cliath

Cathair Bhaile Átha Cliath – Conradh Dámhachtana Dírí Bhus Átha Cliath

Conradh cúig bliana is ea an conradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí idir an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Bus Átha Cliath.

Leagtar amach sa chonradh na ceanglais feidhmíochta nach mór do Bhus Átha Cliath a chomhlíonadh i gcomaoin fóirdheontas poiblí a fháil mar íocaíocht. Coinnítear cuid den íocaíocht Oibleagáide Seirbhíse Poiblí siar gach mí agus ní íocfar í ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh Bus Átha Cliath na spriocanna feidhmíochta.

Conradh agus Sceidil:

Déanann an tÚdarás athbhreithniú ar fheidhmíocht Bhus Átha Cliath ar bhonn ráithiúil.

Conarthaí Roimhe

Le héifeacht ón 1 Nollaig 2012, leasaigh an tÚdarás forálacha áirithe den Chonradh, leasaigh sé Sceideal D agus chuir sé Sceideal E nua isteach.

Tá an conradh roinnte sna ranna seo a leanas: 

  • Conradh
  • Sceideal A – Seirbhísí agus Leibhéil Seirbhísí atá le Soláthar ag an Oibritheoir
  • Sceideal B – Oibleagáidí Feidhmíochta
  • Sceideal C – Ceanglais Tuairiscithe
  • Sceideal D – Cúiteamh
  • Sceideal E – Creat-chomhaontú Deontas

Leasaigh an tÚdarás na hoibleagáidí feidhmíochta (Sceideal B) roimhe sin agus tá na ceanglais reatha ar fáil anseo.

Foráiltear leis an gconradh d’aon athruithe seirbhíse a leagtar amach i Sceideal A a ghabhann leis an gconradh a bheith á gceadú ag an Údarás.