Sord – Cill Dhéagláin (Bealach 197)

I mí na Samhna 2019, chuaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair isteach i gconradh le Go-Ahead Ireland le haghaidh seirbhís bus phoiblí Bhealach 197 a sholáthar.

Seolann an bealach bus seo seirbhísí fillte idir Sord agus Cill Dhéagláin, agus tá stadanna aige sna háiteanna seo:

  • Sord
  • Bóthar Ráth Béil
  • Baile an Rólaigh (tar éis dhá stad nua a thógáil)
  • Cloch na Naoi Míle
  • Cill Dhéagláin

Leagtar amach sa chonradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí na ceanglais feidhmíochta nach mór do Go-Ahead Ireland a chomhlíonadh i gcomaoin fóirdheontas poiblí a fháil mar íocaíocht. Coinnítear cuid den íocaíocht sin siar gach mí agus ní íocfar í ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh Go-Ahead Ireland na spriocanna feidhmíochta.

Conradh agus Sceidil:

Foráiltear leis an gconradh d’aon athruithe seirbhíse a leagtar amach i Sceideal 1 a ghabhann leis an gConradh a bheith á gceadú ag an Údarás.

Déanann an tÚdarás athbhreithniú ar fheidhmíocht Go-Ahead Ireland ar bhonn ráithiúil.