Caiseal – Port Laoise (Bealach 828)

Sa bhliain 2016, chuaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair isteach i gconradh le M&A Coaches Limited le haghaidh seirbhís bus phoiblí Bhealach 828 a sholáthar.

Seolann an bealach bus seo seirbhísí fillte idir Caiseal agus Port Laoise, agus tá stadanna aige sna háiteanna seo:

  • An Marcach
  • An Baile Beag
  • Áth na nUrlainn
  • Baile Sheáin
  • An Chúlchoill
  • Darú
  • Mainistir Laoise

Tairgeann an tseirbhís seo ticéid le haghaidh taisteal go Cathair Chorcaí, go Cathair Bhaile Átha Cliath agus go hAerfort Bhaile Átha Cliath freisin.

Leagtar amach sa chonradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí na ceanglais feidhmíochta nach mór do M&A Coaches a chomhlíonadh i gcomaoin fóirdheontas poiblí a fháil mar íocaíocht. Coinnítear cuid den íocaíocht sin siar gach mí agus ní íocfar í ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh M&A Coaches na spriocanna feidhmíochta.

Conradh agus Sceidil:

Foráiltear leis an gconradh d’aon athruithe seirbhíse a leagtar amach i Sceideal 1 a ghabhann leis an gConradh a bheith á gceadú ag an Údarás.

Déanann an tÚdarás athbhreithniú ar fheidhmíocht M&A Coaches Limited ar bhonn ráithiúil, agus tá na tuarascálacha ina leith ar fáil thíos.

Tuarascálacha ar Fheidhmíocht

Ceanglaítear ar M&A Coaches Limited tuairisc a thabhairt ar bhonn ráithiúil ar a fheidhmíocht i gcomparáid leis na spriocanna a leagtar amach sna conarthaí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí.

Tuarascálacha Ráithiúla ar Fheidhmíocht, 2019
Tuarascálacha Ráithiúla ar Fheidhmíocht, 2018
Tuarascálacha Ráithiúla ar Fheidhmíocht, 2017
Tuarascálacha Ráithiúla ar Fheidhmíocht, 2016