Baile Bhlainséir – an Nás (Bealach 139)

I mí an Mhárta 2018, chuaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair isteach i gconradh le JJ Kavanagh & Sons Limited le haghaidh seirbhís bus phoiblí Bhealach 139 a sholáthar.

Seoltar an bealach bus seo idir Baile Bhlainséir agus an Nás, agus tá stadanna aige sna háiteanna seo:

  • Ongar
  • Léim an Bhradáin
  • Maigh Nuad
  • Ráth Chofaigh
  • Claonadh
  • Na Solláin

Leagtar amach sa chonradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí na ceanglais feidhmíochta nach mór do JJ Kavanagh & Sons Limited a chomhlíonadh i gcomaoin fóirdheontas poiblí a fháil mar íocaíocht.  Coinnítear cuid den íocaíocht sin siar gach mí agus ní íocfar í ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh JJ Kavanagh & Sons Limited na spriocanna feidhmíochta.

Conradh agus Sceidil:

Foráiltear leis an gconradh d’aon athruithe seirbhíse a leagtar amach i Sceideal 1 a ghabhann leis an gConradh a bheith á gceadú ag an Údarás.

Déanann an tÚdarás athbhreithniú ar fheidhmíocht JJ Kavanagh & Sons Limited ar bhonn ráithiúil.

Tuarascálacha ar Fheidhmíocht

Ceanglaítear ar JJ Kavanagh & Sons Limited tuairisc a thabhairt ar bhonn ráithiúil ar a fheidhmíocht i gcomparáid leis na spriocanna a leagtar amach sna conarthaí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí.

Tuarascálacha Ráithiúla ar Fheidhmíocht, 2019
Tuarascálacha Ráithiúla ar Fheidhmíocht, 2018