Conarthaí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí

Soláthraítear cistiú gach bliain le haghaidh seirbhísí poiblí iompair atá riachtanach ón taobh sóisialta de in Éirinn.  Soláthraíonn Iarnród Éireann agus roinnt cuideachtaí bus na seirbhísí sin, ar a dtugtar seirbhísí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí, faoi chonradh ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

Soláthraítear seirbhísí iarnróid éadroim faoi chonradh ag Bonneagar Iompair Éireann. Rialaítear an cistiú do sheirbhísí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí le Conarthaí Iompair Phoiblí idir an tÚdarás agus na cuideachtaí sin.

Is ann do dhá chineál conartha Oibleagáide Seirbhíse Poiblí a fhéadfar a dhámhachtain go díreach nó a chur amach ar thairiscintí iomaíocha. Is iad sin:

  • Conarthaí glanchostais faoina gcoinníonn an t-oibritheoir an t-ioncam ar fad ó tháillí. Is faoin gcatagóir sin a thiteann conarthaí an Údaráis le Dublin Bus, le Bus Éireann agus le hIarnród Éireann.
  • Conarthaí ollchostais faoina gcoinníonn an tÚdarás an t-ioncam ar fad ó tháillí. Is faoin gcatagóir sin faoi láthair a thiteann na conarthaí uile a chuirtear amach ar thairiscintí iomaíocha.

Comhlíonann na conarthaí na critéir reatha a leagtar síos i ndlí an Aontais Eorpaigh. Socraítear sna conarthaí caighdeáin dhiana maidir le feidhmíocht oibriúcháin agus seirbhís do chustaiméirí, agus cuimsítear pionóis iontu as neamhchomhlíonadh.

Déanann an tÚdarás Náisiúnta Iompair faireachán ar fheidhmíocht chonraithe gach oibritheora Oibleagáide Seirbhíse Poiblí ar bhonn ráithiúil.

Dámhachtain Dhíreach Conarthaí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí le haghaidh Seirbhísí Bus sa bhliain 2019

I mí na Samhna 2018, chinn an tÚdarás Náisiúnta Iompair:

  • Conradh nua le haghaidh seirbhísí bus poiblí a sholáthar laistigh de Limistéar Bhaile Átha Cliath (ó mhí na Nollag 2019 i leith) a dhámhachtain do Dublin Bus ar feadh tréimhse cúig bliana.
  • Conradh nua le haghaidh seirbhísí bus poiblí a sholáthar lasmuigh de Limistéar Bhaile Átha Cliath a dhámhachtain do Bhus Éireann ar feadh tréimhse cúig bliana. Ní áirítear roinnt seirbhísí roghnaithe leis sin, áit a mairfidh an conradh Dámhachtana Dírí tréimhse dhá bhliain.
  • Thart ar 5% de sheirbhísí a bhaint de chonradh Dámhachtana Dírí Bhus Éireann sa bhliain 2021, agus comórtas tairisceana a eagrú le haghaidh na seirbhísí roghnaithe sin a sholáthar.

Liosta de na seirbhísí bus atá ar áireamh i gconradh Dámhachtana Dírí Dublin Bus (Nollaig 2019).

Liosta de na seirbhísí bus atá ar áireamh i gconradh Dámhachtana Dírí Bus Éireann (Nollaig 2019).

Liosta de na seirbhísí bus atá le baint de chonradh dámhachtana dírí Bhus Éireann sa bhliain 2021 agus atá le cur amach ar thairiscintí iomaíocha.

Féadfaidh an tÚdarás na seirbhísí atá ar áireamh i gconradh Dámhachtana Dírí a leasú am ar bith agus ní shriantar na hathruithe sin leis an gcinneadh seo.

Tá dualgas ar an Údarás tuarascáil a fhoilsiú i gcás go mbeidh sé beartaithe aige dul isteach i gconradh Dámhachtana Dírí le haghaidh seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí a sholáthar.

An tuarascáil ar chonradh Dámhachtana Dírí 2019:

Na dréacht-tograí le haghaidh chonradh Dámhachtana Dírí 2019:

Dámhachtain Dhíreach an Chonartha Seirbhísí Poiblí le haghaidh Seirbhísí Poiblí Iompair do Phaisinéirí d’Iarnród sa bhliain 2019

Tá sé beartaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair, i gcomhréir le Rialachán 1370/2007, le Rialachán 2338/2016 agus leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme, conradh seirbhísí poiblí a dhámhachtain go díreach d’Iarnród Éireann le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród a sholáthar.

Tá an conradh le tosú an 1 Nollaig 2019, tar éis éag an chonartha Dámhachtana Dírí reatha an 30 Samhain 2019. Táthar ag súil leis go mairfidh an conradh Dámhachtana Dírí tréimhse deich mbliana ón 1 Nollaig 2019 i leith.

Leagtar amach go mion anseo na bealaí atá ar áireamh sa chonradh Dámhachtana Dírí atá beartaithe.

An Bunús Dlí le Conarthaí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí

Sa bhliain 2007, glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar.  Le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, cruthaítear creat le haghaidh na slí a ndámhann na Ballstáit cearta eisiacha agus a n-íocann siad cúiteamh i leith seirbhísí a meastar gur Oibleagáidí Seirbhíse Poiblí iad.

Tá sé mar chuspóir ag an Rialachán a áirithiú go mbeidh trédhearcacht ann i bhfóirdheontais a dhámhachtain le haghaidh seirbhísí poiblí iompair trína cheangal go mbeidh gach seirbhís iompair Oibleagáide Seirbhíse Poiblí faoi réir conarthaí.

Chun ullmhú do Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, rinne Éire dul chun cinn ar reachtaíocht in dhá chéim. Bhain an chéad chéim leis an Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008 a achtú agus bhain an dara céim leis an Acht um Rialáil Iompair Phoiblí 2009 (arna leasú sa bhliain 2016) a achtú.