I.R. Uimh. 273 de 2019

Fodhlíthe an Údaráis Náisiúnta Iompair (Seirbhísí Iompair Phoiblí Paisinéirí), 2019

Rinne an tÚdarás Náisiúnta Iompair Fodhlíthe de réir an Achta um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008 faoin teideal thuas.

Foilsítear na fodhlíthe de réir alt 56A den Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008 agus tháinig siad i bhfeidhm an 1 Iúil 2019.

Leis na Fodhlíthe, foráiltear do rialáil a dhéanamh ar thaisteal agus ar úsáid na seirbhísí bus a soláthraíonn oibritheoirí bus áirithe iad thar ceann an Údaráis Náisiúnta Iompair agus don ord a choinneáil ar bun ar na seirbhísí sin.

Tá na Fodhlíthe ar fáil le híoslódáil anseo.