Fógra Íocaíochta Seasta

Is cion coiriúil í seachaint táillí agus d’fhéadfadh go ngearrfaí fíneáil suas go dtí €1,000 ort agus go mbeadh ort dul chun na cúirte dá bharr. Déantar spotseiceálacha randamacha gan rabhadh ar gach seirbhís iompair phoiblí chun a chinntiú go bhfuil do thicéad ag clúdach do thurais ar fad.

Gearrann an chuideachta Íocaíocht Sheasta (fíneáil pionóis) €100 ar gach paisinéir a bhfaightear amach nach bhfuil ticéad bailí acu, de bhun Fhodhlíthe an Údaráis Náisiúnta Iompair.

Eisítear Fógra Íocaíochta Seasta i gcás go bhfuil paisinéir ag taisteal ar an mbus gan an ticéad ceart a bheith aige nó aici le haghaidh an turais sin. Is féidir go n-áireofar na cásanna seo leis sin:

  • Níor íoc tú an táille cheart i gcomaoin d’aoise nó d’fhaid turais.
  • Tá Cárta Léime TFI mícheart agat.
  • Tá Cárta Léime TFI leat as dáta nó neamhbhailí.
  • Tá Cárta Léime TFI le duine eile á úsáid agat.
  • Níl tú in ann an t-aitheantas fótagrafach ceart a theastaíonn chun do thicéad a bhailíochtú a chur i láthair.
  • Tá ticéad a brionnaíodh, a athraíodh, a milleadh, a loiteadh nó a scriosadh á úsáid agat.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi conas is féidir leat fíneáil a íoc, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin Go-Ahead Ireland.

Féach anseo an fógra príobháideachta i dtaobh an Fhógra Íocaíochta Seasta.