Cill Chainnigh – Baile Átha Cliath (Bealach 817)

I mí Eanáir 2018, chuaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair isteach i gconradh le Bernard Kavanagh & Sons Limited le haghaidh seirbhís bus phoiblí Bhealach 817 a sholáthar.

Seoltar an bealach bus seo idir Baile Átha Cliath agus Cill Chainnigh, agus tá stadanna aige sna háiteanna seo:

  • Cé Sheoirse
  • Stáisiún Heuston
  • Crois an Fhearainn Nua
  • An Nás
  • Cill Uasaille
  • Carn Almhaí
  • Cill Chuillinn
  • Baile Sonnáin
  • Cill Míde
  • Baile Átha Í
  • Baile Uí Laigheanáin
  • Crois an Bhaile Nua

Leagtar amach sa chonradh Oibleagáide Seirbhíse Poiblí na ceanglais feidhmíochta nach mór do Bernard Kavanagh & Sons a chomhlíonadh i gcomaoin fóirdheontas poiblí a fháil mar íocaíocht.  Coinnítear cuid den íocaíocht sin siar gach mí agus ní íocfar í ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh Bernard Kavanagh & Sons na spriocanna feidhmíochta.

Conradh agus Sceidil:

Foráiltear leis an gconradh d’aon athruithe seirbhíse a leagtar amach i Sceideal 1 a ghabhann leis an gConradh a bheith á gceadú ag an Údarás.

Déanann an tÚdarás athbhreithniú ar fheidhmíocht Bernard Kavanagh & Sons Limited ar bhonn ráithiúil.