Modhanna Níos Cliste

Cianoibriú

Is féidir leis an bhfostóir agus le fostaithe araon tairbhí a bhaint as an gcianoibriú. I gcás fostóirí, áirítear leis na tairbhí sin costais ghnó a laghdú, a bhfostaithe is fearr a choinneáil agus fórsa saothair níos sásta a bhaint amach. Ba cheart d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon féachaint le cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil a chothabháil. Trí leas a bhaint as roghanna eile teicneolaíochtbhunaithe ar thaisteal oibre agus gnó, is féidir le háiteanna oibre laghduithe a bhaint amach in astaíochtaí taistil bhóthair agus aerthaistil freisin.

I gcás fostaithe, is féidir leis an gcianoibriú solúbthacht agus neamhspleáchas a mhéadú agus turais strusmhara chun na hoibre a laghdú nó deireadh iomlán a chur leo. Trí laghdú a dhéanamh ar an am a chaitheann siad ar thurais fhada chun na hoibre, baineann fostaithe cothromaíocht níos fearr oibre is saoil amach. Trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht amhail bogearraí físchomhdhála, ardáin chomhoibrithe agus néalseirbhísí, coinnítear daoine nasctha lena chéile agus cumasaítear dóibh cruinnithe a sheoladh agus tionscadail a chríochnú ó láithreacha iargúlta.

Is dóichí anois ná riamh go n-éireoidh coincheap an chianoibrithe ina chuid dhílis de staid na hoibre amach anseo. De réir mar a leantar le dul chun cinn teicneolaíochta a dhéanamh, is amhlaidh go dtabharfar oibrithe níos dlúithe lena chéile i gcónaí agus iad ag oibriú ó láithreacha éagsúla.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chianoibriú d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon, tabhair cuairt ar Gov.ie – Treoir maidir le hOibriú go Cianda.

Comhroinnt Carranna

Trí chomhroinnt carranna, ar a dtugtar Clubanna Cairr freisin, faigheann roinnt daoine rochtain ar charr amháin (nó níos mó) ag amanna difriúla, bunaithe ar a riachtanais. Tá comhroinnt carranna bunaithe ar phrionsabal simplí, is é sin: úsáidtear an carr nuair a theastaíonn sé. Mura dteastaíonn an carr ó dhuine, is féidir le duine eile é a úsáid. Ceann de na tairbhí a bhaineann le comhroinnt carranna is ea go gcoiglíonn sí airgead ar árachas, ar cháin, ar bhreosla agus ar chothabháil.

Tairbhe eile a bhaineann le carr-roinnt is ea gur féidir léi laghdú a dhéanamh ar an ngá le spásanna páirceála, go háirithe i measc eagraíochtaí a bhfuil líon teoranta spásanna fisiciúla páirceála acu. Agus méadú ag teacht i gcónaí ar an líon fostaithe nach bhfuil carr uathu, d’fhéadfadh gurbh fhiú club cairr a bhunú.

Chomh maith leis sin, is féidir le comhroinnt carranna cabhrú le plódú tráchta agus caitheamh agus cuimilt a laghdú ar na bóithre. Nuair a thagann laghdú ar phlódú, tagann laghdú ar aerthruailliú agus ar úsáid fuinnimh freisin.

Seirbhísí Tacsaí

Is féidir le taisteal de thacsaí a bheith ina dhóigh eile le taisteal inbhuanaithe a chur ar áireamh i do thuras agus leis an líon feithiclí aonphaisinéara ar an mbóthar a laghdú, is cuma cé acu atá tú ag taisteal chun na hoibre nó chun an champais nó atá tú ag taisteal le haghaidh gnó.

Pleanáil do thuras roimh ré agus bain úsáid as uirlis Meastóir Táillí Tacsaí TFI chun buiséad a dhéanamh le haghaidh do thurais. Is neasfhigiúirí iad na figiúirí uile agus bíonn siad ag brath ar phlódú tráchta.

TFI – Aip Seiceála Tiománaí

Le hAip Seiceála Tiománaí TFI, cumasaítear d’úsáideoirí a sheiceáil cé acu a cláraíodh nó nár cláraíodh go cuí an fheithicil atá siad chun fruiliú agus cé acu atá nó nach bhfuil ceadúnas cuí ag an tiománaí chun an fheithicil a oibriú. Is féidir an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig cara nó comhghleacaí chun é/í a chur ar a s(h)uaimhneas go bhfuil sé/sí ag taisteal go sábháilte agus go bhfuil taifead ann ar an turas. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thaisteal de thacsaí, tabhair cuairt ar ‘Transport for Ireland – Taisteal de Thacsaí’.