An Pacáiste do Chomhpháirtithe

Má tá spéis ag do champas i bPlean Taistil don Champas a chur chun feidhme, is féidir go mbeidh sí incháilithe chun leas a bhaint as an bPacáiste do Chomhpháirtithe de chuid Thaisteal Níos Cliste TFI.

Tá an Clár ar oscailt do gach Campas Tríú Leibhéal in Éirinn agus tá sé saor in aisce páirt a ghlacadh ann.

Mar chomhpháirtí de chuid an chláir, is féidir leat leas a bhaint as na nithe seo a leanas:

  • Suirbhé saor in aisce ar líne ar thaisteal mac léinn agus fostaithe, anailís agus Plean Gníomhaíochta molta;
  • Faisnéis agus smaointe chun siúl, rothaíocht, an t-iompar poiblí, carr-roinnt agus scéimeanna ábhartha eile taistil inbhuanaithe a chur chun cinn ar an gcampas;
  • Uirlisí cur chun cinn, e.g. seastáin mheirge, ábhair chur chun cinn agus acmhainní léarscáilithe;
  • Rannpháirtíocht sna Dúshláin Siúil agus Rothaíochta, ar cláir bhliantúla um athrú iompraíochta iad;
  • Seimineáir do chomhpháirtithe;
  • Rochtain ar líonra tacúil eagraíochtaí a bhfuil taithí acu ar aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le taisteal mac léinn agus fostaithe; agus
  • Rannpháirtíocht i nGradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste.

Mar Chomhpháirtí Cláir, sannfar Sainchomhairleoir ainmnithe Taistil Níos Cliste duit. Tacóidh an duine sin le d’eagraíocht an Plean Taistil don Champas uaithi a chur le chéile.

Déan teagmháil linn chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin bPacáiste do Chomhpháirtithe nó chun cruinniú tionscnaimh a shocrú.