Carr-roinnt

Is féidir le carr-roinnt le do chomhghleacaithe oibre, le do pháirtithe ranga nó le daoine a chónaíonn i ndlúthghaireacht duit a bheith ina modh éifeachtúil iompair inbhuanaithe. Tríd is tríd, tá carr-roinnt oiriúnach do láithreacha nach bhfuil ach beagán roghanna iompair phoiblí, siúil agus rothaíochta iontu.

Na Tairbhí a bhaineann le Carr-roinnt

Baineann tairbhí soiléire le carr-roinnt don eagraíocht agus do bhaill foirne agus/nó do mhic léinn, agus don phobal i gcoitinne fiú. Áirítear na nithe seo le roinnt de na tairbhí a bhaineann le carr-roinnt:

Na Tairbhí don Duine Aonair Na Tairbhí don Eagraíocht
Is féidir go laghdóidh sí costais taistil (má chomhroinntear iad) Is féidir go laghdóidh sí costais agus go maolóidh sí fadhbanna páirceála carranna
Is féidir go sábhálfaidh sí am (mar thoradh ar laghdú i bplódú tráchta) Fágfaidh sí talamh saor le haghaidh úsáidí eile
Is féidir go laghdóidh sí strus (comhroinntear ualach na tiomána) Is féidir go méadóidh sí táirgiúlacht agus coinneáil
Fulaingeoidh an fheithicil níos lú caithimh agus cuimilte (má úsáidtear carranna ar a seal) Is féidir go leathnóidh sí an margadh féideartha earcaíochta
Is féidir go laghdóidh sí an gá le dara carr Is féidir go gcuirfidh sí líonraí sóisialta inmheánacha chun cinn
Is féidir go soláthróidh sí roghanna eile taistil Is féidir go gcuirfidh sí feabhas ar íomhá na heagraíochta
Is féidir go neartóidh sí líonraí sóisialta Is féidir go laghdóidh sí an plódú tráchta ar an láithreán agus timpeall an láithreáin le linn buaicthréimhsí
Is rogha ‘níos glaise’ agus níos inbhuanaithe í

 

Treoirlínte Carr-roinnte – Treoir Taistil Níos Cliste maidir le Scéim Carr-roinnte a Bhunú

Forbraíodh Treoir Taistil Níos Cliste maidir le Scéim Carr-roinnte a Bhunú chun cabhrú leat! Tá na treoirlínte sin dírithe ar gach gnólacht, eagraíocht phoiblí nó eagraíocht oideachais atá ag iarraidh scéim carr-roinnte a chur chun feidhme.

Sa treoir sin, míneofar duit na gníomhartha a theastaíonn a dhéanamh roimh scéim a bhunú, na tairbhí a bhaineann le carr-roinnt, agus na cúig chéim shimplí i leith carr-roinnte. Chomh maith leis sin, leagtar béim inti ar roinnt cás-staidéar ar chomhpháirtithe de chuid Thaisteal Níos Cliste TFI.