Ráiteas Príobháideachta

Údarás Náisiúnta Iompair

Suíomh Gréasáin Chláir na nÁiteanna Oibre Taistil Níos Cliste agus na gCampas Taistil Níos Cliste

Tá an Fógra Príobháideachta seo á eisiúint ag an Údarás Náisiúnta Iompair, Dún Scéine, Lána Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 (dá dtagraítearan tÚdarás Náisiúnta Iompair”, “an tÚdarás”, “muid/sinn”, aon réamhfhocal sa chéad phearsa iolra agus forainm sealbhach na chéad phearsan iolra anseo).

Mar chuid den obair a dhéanaimid le fostóirí agus le hinstitiúidí tríú leibhéal chun pleananna malartacha taistil a chur chun feidhme agus chun feasacht an phobail a mhéadú ar mhodhanna malartacha iompair, reáchtálaimid dúshláin spraíúla siúil, rothaíochta agus iompair phoiblí saor in aisce (“Dúshláin Taistil Níos Cliste”) trínár suíomh Gréasáin SmarterTravelWorkplaces.ie.

Is é cuspóir an fhógra seo tú a chur ar an eolas faoi na sonraí a bhaineann leat a bhailímid agus a úsáidimid i ndáil leis an suíomh Gréasáin sin agus faoi na húsáidí a bhainimid as sonraí den sórt sin (lena n-áirítear nochtadh do thríú páirtithe). Níl an tÚdarás freagrach as an inneachar nó na cleachtais phríobháideachta de chuid aon suíomhanna nasctha.

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin dóigh a mbainimid úsáid as do shonraí pearsanta, seol ríomhphost chugainn ag info@smartertravelworkplaces.ie nó seol ríomhphost chuig ár nOifigeach Cosanta Sonraí ag privacy@nationaltransport.ie.

Na Sonraí Pearsanta a Bhailímid agus a Phróiseálaimid

Baileoimid agus próiseálfaimid sonraí pearsanta a bhaineann leat, a mhéid a bhaineann na sonraí sin leis an úsáid a bhaineann tú as an suíomh Gréasáin ‘Active Travel Logger’ (www.activetravellogger.ie) agus as an Áiritheoir Céimeanna Taistil Níos Cliste agus lenár gcaidreamh leat.  Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na sonraí pearsanta sin:

  • d’ainm agus do shonraí teagmhála, lena n-áirítear do sheoladh, d’uimhir theileafóin agus do sheoladh ríomhphoist;
  • do ghrianghraf;
  • d’inscne;
  • do mheáchan;
  • do mheánleibhéil ghníomhaíochta;
  • faisnéis a bhaineann le do shláinte;
  • do mhodh iompair chun na hoibre nó chun an choláiste;
  • an fad a thaistealaíonn tú chun na hoibre nó chun an choláiste;
  • d’eagraíocht, i.e., d’fhostóir nó do choláiste;
  • ainm úsáideora agus pasfhocal do chuntais ar an suíomh Gréasáin ‘Active Travel Logger’;
  • aon sonraí pearsanta eile a bhaineann leat a sholáthraíonn tú dúinn nó a ghinimid fút i ndáil leis an úsáid a bhaineann tú as an suíomh Gréasáin ‘Active Travel Logger’ agus as an Áiritheoir Céimeanna Taistil Níos Cliste.
Faisnéis Theicniúil a Bhailiú

Logálann ár soláthraí seirbhíse Idirlín mionsonraí teicniúla faoi chuairteanna ar na suíomhanna Gréasáin. Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomhanna Gréasáin chláir na nÁiteanna Oibre Taistil Níos Cliste agus na gCampas Taistil Níos Cliste, coinnítear an fhaisnéis seo a leanas faoin gcuairt sin:

  • Seoladh Prótacal Idirlín (IP);
  • an dáta agus an t-am a fhaigheann gach ríomhaire rochtain ar an suíomh Gréasáin;
  • na leathanaigh a bhfuarthas rochtain orthu agus na doiciméid a íoslódáladh le gach ríomhaire;
  • an cineál agus an leagan brabhsálaí a úsáidtear chun an suíomh Gréasáin a rochtain;
  • seoladh aon leathanach Gréasáin tríú páirtí lena dtarchuirtear daoine chuig ár suíomh Gréasáin;
  • na heochairfhocail a úsáidtear in innill chuardaigh agus in eolairí chun ár suíomh Gréasáin a aimsiú;
  • na heochairfhocail agus na frásaí a úsáidtear chun ár suíomh Gréasáin a chuardach;
  • an t-ainm fearainn bharrleibhéil a úsáidtear (mar shampla, .ie, .com, .org, .net);
  • seoladh an tsuímh Gréasáin roimhe ónar tháinig an cuairteoir chugainn, lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh;
  • sonraí conaire cliceála lena léirítear trácht na gcuairteoirí thart ar an suíomh Gréasáin seo (mar shampla, na leathanaigh a bhfuarthas rochtain orthu agus na doiciméid a íoslódáladh);
  • an cineál brabhsálaí Gréasáin a úsáideann an cuairteoir ar an suíomh Gréasáin.

Ní dhéantar aon iarracht úsáideoirí aonair a shainaithint nó na mionsonraí teicniúla atá liostaithe thuas a cheangal le haon duine aonair.

Cuspóirí agus Bunús Dlí na Próiseála

Úsáidfimid sonraí pearsanta a bhaineann leat chun na gcuspóirí seo a leanas:

  • cuntas úsáideora a chlárú duit ar an suíomh Gréasáin ‘Active Travel Logger’;
  • do chuntas úsáideora a bhainistiú agus tacaíocht custaiméara a thabhairt duit;
  • tú a chumasú an tÁiritheoir Céimeanna Taistil Níos Cliste a rochtain chun céimeanna a áireamh agus/nó a shioncrónú;
  • comórtais agus promóisin agus Dúshláin Taistil Níos Cliste a reáchtáil agus duaiseanna a bhronnadh ar rannpháirtithe;
  • grianghraif a uaslódáil ar na meáin shóisialta, ar shuíomhanna Gréasáin, ar ríomhirisí agus ar thuarascálacha a bhaineann le Dúshláin Taistil Níos Cliste, le promóisin agus le comórtais;
  • teagmháil a dhéanamh leat chun an t-eolas is deireanaí a thabhairt duit ar Dhúshláin Taistil Níos Cliste;
  • tabhairt faoi thaighde agus faoi shuirbhéanna ar shástacht custaiméirí;
  • ábhair chur chun cinn agus mhargaíochta a sheoladh, faoi réir aon sainrogha pearsanta a chuireann tú in iúl nuair a bhailímid do shonraí teagmhála nó ina dhiaidh sin. Is féidir leat diúltú d’ábhair chur chun cinn agus mhargaíochta a fháil uainn ag am ar bith trí ríomhphost a sheoladh chuig info@smartertravelworkplaces.ie.
  • tuairiscí a ghiniúint agus staitisticí a anailísiú maidir le rannpháirtíocht i nDúshláin Taistil Níos Cliste (nuair is féidir, bainfear ainmneacha de shonraí pearsanta sula n-úsáidfear iad chun an chuspóra sin);
  • staitisticí a ghiniúint agus a anailísiú maidir le húsáid shuíomh Gréasáin chlár na nÁiteanna Oibre Taistil Níos Cliste, lena n-áirítear a mhinice a úsáidtear leathanaigh aonair (nuair is féidir, bainfear ainmneacha de shonraí pearsanta sula n-úsáidfear iad chun an chuspóra sin);
  • calaois a chosc, a imscrúdú agus a bhrath;
  • éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint;
  • ár bhfeidhmeanna mar údarás poiblí a chur i gcrích agus ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh.

Is iad seo a leanas na bunúis dlí ar a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta:

  • is gá an phróiseáil a dhéanamh chun ár gconradh leat, más infheidhme, a chomhlíonadh, ar conradh é lena rialaítear an úsáid a bhaineann tú as an suíomh Gréasáin ‘Active Travel Logger’ agus as an Áiritheoir Céimeanna Taistil Níos Cliste;
  • is gá an phróiseáil a dhéanamh chun freastal ar na cúraimí a chuirimid i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó le linn údarás oifigiúil atá dílsithe dúinn leis an dlí a fheidhmiú;
  • is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil feidhm aici maidir linn a chomhlíonadh; nó
  • in imthosca inar thug tú toiliú leis an bpróiseáil
Faighteoirí Sonraí

Is féidir go nochtfaimid do shonraí pearsanta d’eagraíochtaí eile i ndáil leis na cuspóirí thuas, lena n-áirítear na heagraíochtaí seo a leanas:

  • tríú páirtithe a fhostaímid chun seirbhísí a sholáthar dúinn i ndáil le suíomh Gréasáin chláir na nÁiteanna Oibre Taistil Níos Cliste agus leis an Áiritheoir Céimeanna Taistil Níos Cliste, amhail soláthraithe seirbhíse seachfhoinsithe, soláthraithe seirbhíse TF, comhairleoirí gairmiúla agus iniúchóirí;
  • údaráis phoiblí eile agus comhlachtaí poiblí eile – amhail an Garda Síochána nó údaráis eile fhorfheidhmiú an dlí – ar mhaithe le coireacht a chosc, a imscrúdú nó a bhrath, i gcás go gceanglaítear nó go gceadaítear an méid sin leis an dlí.
Coinneáil

Ní choinneoimid do shonraí pearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá.  De réir bheartas coinneála sonraí chlár na nÁiteanna Oibre Taistil Níos Cliste, coinnítear sonraí pearsanta ar feadh 24 mhí. Coinneoimid do shonraí pearsanta ar comhad ar feadh 24 mhí ó do ghníomhaíocht dheireanach. Scriosfar do shonraí ar bhealach slán ina dhiaidh sin.

Aistrithe Thar Lear

I ndáil leis an méid thuas, is féidir go n-aistreoimid do shonraí pearsanta chuig áiteanna lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, lena n-áirítear chuig dlínse nach n-aithníonn an Coimisiún Eorpach í mar dhlínse ina bhforáiltear do leibhéal cosanta sonraí pearsanta is coibhéiseach leis an leibhéal cosanta sonraí pearsanta dá bhforáiltear san Aontas Eorpach (AE). Más rud é go ndéanfaimid amhlaidh, agus a mhéid a dhéanfaimid amhlaidh, cinnteoimid go mbeidh bearta cuí i bhfeidhm chun ár n-oibleagáidí faoin dlí is infheidhme lena rialaítear aistrithe den sórt sin a chomhlíonadh.  Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin conradh a dhéanamh lena rialaítear an t-aistriú, ar conradh é ina mbeidh na ‘clásail chonarthacha chaighdeánacha’ arna gceadú chun an chuspóra sin ag an gCoimisiún Eorpach. Dá mba mhaith leat tuilleadh mionsonraí a fháil faoi na bearta a rinneamar ina leith sin, seol ríomhphost chuig privacy@nationaltransport.ie.

Ceanglas chun Sonraí a Thabhairt

Níl aon oibleagáid ort sonraí pearsanta a thabhairt dúinn ach amháin i gcás go gcinnfidh tú cuntas úsáideora a chruthú ar an ‘Active Travel Logger’ agus go dteastóidh sonraí pearsanta uainn chun an chuspóra sin.  Mura dtugann tú dúinn an fhaisnéis a theastaíonn chun cuntas a chruthú, ní bheimid in ann cuntas a chruthú duit.

Do chearta

In imthosca áirithe agus faoi réir srianta áirithe, tá na cearta seo a leanas agat i ndáil le do shonraí pearsanta:

  • an ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta;
  • an ceart chun a iarraidh go gceartófaí agus/nó go scriosfaí do shonraí pearsanta;
  • an ceart chun srian a chur le húsáid do shonraí pearsanta;
  • an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta;
  • an ceart chun na sonraí pearsanta a thug tú dúinn a fháil i bhformáid struchtúrtha choitianta atá inléite ag meaisín nó chun ceanglas a chur orainn na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir eile; agus
  • i gcás go mbeidh an phróiseáil a dhéanaimid ar do shonraí pearsanta bunaithe ar do thoiliú a bheith faighte againn, an ceart chun do thoiliú leis an bpróiseáil a tharraingt siar ag am ar bith.

Dá mba mhaith leat aon cheann de na cearta atá leagtha amach thuas a fheidhmiú, seol ríomhphost chugainn ag privacy@nationaltransport.ie.

Nuashonruithe

Is féidir go nuashonróimid an beartas seo ó am go chéile. Molaimid duit an beartas seo a athbhreithniú go tréimhsiúil chun an fhaisnéis is déanaí a fháil faoinár gcleachtais phríobháideachta.

Gearáin

Mura bhfuil tú sásta leis an dóigh a n-úsáidimid do shonraí pearsanta, leis an dóigh a n-éascaímid do chearta nó leis an dóigh a gcomhlíonaimid ár n-oibleagáidí faoin dlí cosanta sonraí is infheidhme, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí trí ríomhphost a sheoladh chuig info@dataprotection.ie.