Acmhainní agus Imeachtaí

Tá roinnt acmhainní agus imeachtaí ar fáil do Chomhpháirtithe Thaisteal Níos Cliste TFI. Is féidir leat iad a fheiceáil thíos.

Imeachtaí Thaisteal Níos Cliste TFI

Óstálann Taisteal Níos Cliste TFI roinnt imeachtaí dár gcomhpháirtithe ar fud na bliana, lena n-áirítear seimineáir, cuairteanna ar an láithreán agus seisiúin faisnéise. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na himeachtaí Taistil Níos Cliste atá liostaithe thíos, seol ríomhphost chuig info@smartertravelworkplaces.ie.

Dúshláin agus Imeachtaí Thaisteal Níos Cliste TFI don bhliain 2023

Dúshlán Céime an Marchathon: 1ú – 31ú Márta 2023

Ready, Set, Cycle: 6ú Márta – 13ú Bealtaine 2023

Seachtain Náisiúnta na Rothar: 13ú – 21ú Bealtaine 2023

Dúshlán Céime Walktober: 2ú – 29ú Deireadh Fómhair 2023

An Feachtas Rothaíochta ‘Soilsigh do Shaol’ : Deireadh Fómhair 2023

Ready, Set, Cycle for Winter: 6ú – 17ú Samhain 2023

Seimineáir agus Cruinnithe Comhchéime do Chomhpháirtithe Thaisteal Níos Cliste TFI

Seimineáir do Chomhpháirtithe

Tá sé mar chuspóir leis na Seimineáir do Chomhpháirtithe Taistil Níos Cliste eagraíochtaí comhpháirtíochta a thabhairt le chéile agus deis a thabhairt do Chomhordaitheoirí Taistil Níos Cliste líonrú agus cloisteáil ó chainteoirí cumasacha is saineolaithe ar mhór-réimse an Taistil Níos Cliste.

Dá mba mhaith leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi thopaic ar leith nó cainteoir a mholadh dár n-imeachtaí, déan teagmháil linn!

Cruinnithe Comhchéime

Le Cruinnithe Comhchéime Taistil Níos Cliste, tugtar grúpaí beaga d’eagraíochtaí comhpháirtíochta cosúla le chéile, bíodh sé de réir láithreach nó de réir chineál na heagraíochta, agus deis á tabhairt líonrú le Comhordaitheoirí Taistil Níos Cliste eile agus deiseanna á gcruthú le haghaidh plé, comhair, smaointe comhroinnte agus ceachtanna comhroinnte. Dá mba mhaith leat tuilleadh faisnéise a fháil nó páirt a ghlacadh i gCruinniú Comhchéime, déan teagmháil linn!

Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste

Le Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste, tugtar cuireadh do mhic léinn forbairt a dhéanamh ar thionscadal lena ndéantar roghanna taistil inbhuanaithe agus ghníomhaigh chuig an gcampas, amach as an gcampas agus ar an gcampas a chothú, a éascú agus/nó a chumasú. Leis na Gradaim, tugtar deis do mhic léinn taithí phraiticiúil tionscadail a ghnóthú, rud is féidir leo a chur lena bpunann céimí nó lena CV. Beidh deis acu freisin a saothar a shárthaispeáint ag Searmanas Náisiúnta Bronnta Gradam do Mhic Léinn.

Tá Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste ar oscailt do na mic léinn fochéime agus iarchéime uile de na Comhpháirtithe Campas. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Ghradaim na bliana seo, téigh chuig Gradaim na Mac Léinn Taistil Níos Cliste.

Acmhainní

Ábhair Chur Chun Cinn

Sa rannán seo, feicfidh tú roinnt ábhar cur chun cinn is féidir a íoslódáil, mar aon le seastáin mheirge, atá ar fáil do chomhpháirtithe lena n-úsáid agus iad ag reáchtáil imeachtaí cur chun cinn atá ábhartha do Thaisteal Níos Cliste.

Siúl

‘Did you know?’ – Póstaer Siúil.

Is féidir an póstaer seo a chur in eagar chun oiriúint do thionscnaimh shiúil d’eagraíochta. Is féidir é a úsáid go héifeachtach chun an fad siúil chuig siopaí in aice láimhe, chuig gréasáin áitiúla iompair phoiblí, chuig láithreacha oifige in aice láimhe agus chuig áiteanna eile a chur chun cinn. Íoslódáil an póstaer agus cuir isteach lógó d’áite oibre/do champais, an t-am a thógann sé agus an ceann scríbe.

‘Arrive happy not hassled’ – Seastán Meirge.

Is féidir an seastán meirge seo a úsáid agus tionscnaimh shiúil d’eagraíochta á gcur chun cinn agat chun turais níos gníomhaí isteach agus amach a spreagadh. Is féidir leat é a chur ar taispeáint i limistéir a siúlann ardlíon daoine thart orthu, amhail an fáiltiú, an ceaintín agus an forhalla. Is féidir leat é a úsáid ar na hardáin ar líne atá ag d’eagraíocht mar uirlis cur chun cinn freisin.

Chun teacht ar acmhainní a bhaineann go sonrach leis na Dúshláin Chéime is déanaí d’Áiteanna Oibre Taistil Níos Cliste agus do Champais Taistil Níos Cliste, téigh chuig www.stepchallenge.ie

Rothaíocht

‘Did you know’ – Póstaer Rothaíochta.

Is féidir an póstaer seo a chur in eagar chun oiriúint do thionscnaimh rothaíochta d’eagraíochta. Is féidir é a úsáid go héifeachtach chun an fad rothaíochta chuig siopaí in aice láimhe, chuig gréasáin áitiúla iompair phoiblí, chuig bailte in aice láimhe, chuig láithreacha oifige, chuig saoráidí páirceála rothar agus chuig áiteanna eile a chur chun cinn. Íoslódáil an póstaer agus cuir isteach lógó d’áite oibre/do champais, an t-am a thógann sé agus an ceann scríbe.

Slándáil rothar ‘Hey good locking’ – Seastán Meirge

Is féidir an seastán meirge seo a úsáid agus tionscnaimh rothaíochta d’eagraíochta á gcur chun cinn agat chun baill foirne agus mic léinn a spreagadh chun a rothar a ghlasáil go daingean. Is féidir leat é a chur ar taispeáint ar líne agus i limistéir timpeall na saoráidí páirceála rothar, na ndeasc faisnéise agus an cheaintín.

‘M-Check’ Rothair  Seastán Meirge

Is féidir an seastán meirge seo a úsáid agus tionscnaimh rothaíochta d’eagraíochta á gcur chun cinn agat agus chun baill foirne agus mic léinn a spreagadh chun an ‘M-check’ rothair a dhéanamh ar mhaithe le dea-riocht a choinneáil ar a rothar.

‘Comhartha athfhriotail ó HG Wells’ – Seastán Meirge

Is féidir an seastán meirge seo a úsáid agus tionscnaimh rothaíochta d’eagraíochta á gcur chun cinn agat. Is féidir leat é a chur ar taispeáint ar ardáin ar líne agus i roinnt láithreacha timpeall na heagraíochta.

Chun teacht ar acmhainní a bhaineann go sonrach leis na Dúshláin Rothaíochta is déanaí d’Áiteanna Oibre Taistil Níos Cliste agus do Champais Taistil Níos Cliste, téigh chuig www.cyclechallenge.ie

Carr-roinnt

Tá na hacmhainní seo a leanas ar fáil duit chun tionscnaimh charr-roinnte d’eagraíochta a chur chun cinn.

Na Tairbhí a bhaineann le Carr-roinnt

Is féidir le cur chun cinn a dhéanamh ar na tairbhí a bhaineann le carr-roinnt a bheith ina thoisc chinntitheach taobh thiar de spéis na mball foirne agus/nó na mac léinn inti a fhorbairt. Cliceáil ar an nasc ábhartha thíos chun an póstaer a íoslódáil.

 

 

Póstaer inchurtha in eagar le haghaidh Imeachtaí Carr-roinnte ‘Find your Perfect Match’

Is féidir an póstaer inchurtha in eagar seo a úsáid chun imeacht carr-roinnte a chur chun cinn i d’eagraíocht. Is é is ‘Find your Perfect Match’ ann ná tionscnamh a úsáidtear chun teacht ar chomhghleacaithe/ar mhic léinn a bhfuil spéis acu i gcarr-roinnt agus iad ag taisteal chuig an aon láthair amháin agus amach aisti. Íoslódáil an póstaer, cuir isteach do lógó agus na mionsonraí atá ábhartha do d’imeacht, agus tosaigh ar é a chur chun cinn.

Treoracha

Tá roinnt treoracha in-íoslódáilte ar fáil d’Áiteanna Oibre Taistil Níos Cliste agus do Chomhpháirtithe Campas lena n-úsáid agus tionscnaimh chomaitéireachta inbhuanaithe agus gníomhaí á bpleanáil, á bhforbairt agus á gcur chun feidhme acu ina n-eagraíocht.

Treoir Taistil Níos Cliste maidir le Scéim Carr-roinnte a Bhunú

Tá na treoirlínte sin dírithe ar gach gnólacht, eagraíocht phoiblí nó eagraíocht oideachais atá ag iarraidh scéim carr-roinnte a chur chun feidhme. Sa treoir sin, míneofar duit na gníomhartha a theastaíonn a dhéanamh roimh scéim a bhunú agus leagfar béim inti ar chás-staidéir ar chomhpháirtithe rathúla de chuid Thaisteal Níos Cliste TFI.

An Uirlis Iniúchta Deartha Uilíoch ar an Insiúltacht

Forbraíodh an Uirlis Iniúchta Deartha Uilíoch ar an Insiúltacht mar chomhthionscadal idir an tÚdarás Náisiúnta Iompair, Aoisbhá Éireann, Clár na Scoileanna Glasa, agus an Lárionad Sármhaitheasa i nDearadh Uilíoch atá á reáchtáil ag an Údarás Náisiúnta Míchumais. Is féidir an Uirlis Iniúchta a úsáid chun na dálaí reatha ar bhealach sonraithe siúil a mheas bunaithe ar a insiúlta atá sé.