An Pacáiste do Chomhpháirtithe

Overall Winners of the Smarter Travel Awards 2017

Más fostóir mór í d’eagraíocht (níos mó ná 250 fostaí) agus go bhfuil spéis aici i bPlean Taistil don Áit Oibre a chur chun feidhme, is féidir go mbeidh sí incháilithe chun leas a bhaint as an bPacáiste do Chomhpháirtithe de chuid Thaisteal Níos Cliste TFI.

Tá Clár Thaisteal Níos Cliste TFI ar oscailt d’eagraíochtaí ar fud na hÉireann. Tá sé saor in aisce dul isteach ann.

Mar chomhpháirtí de chuid an chláir, is féidir leat leas a bhaint as na nithe seo a leanas:

  • Suirbhé ar líne ar thaisteal fostaithe, anailís agus Plean Gníomhaíochta molta chun taisteal gníomhach agus inbhuanaithe a éascú ar an turas chun na hoibre agus chun áiteanna eile;
  • Faisnéis agus tacaíocht chun siúl, rothaíocht, an t-iompar poiblí, carr-roinnt agus scéimeanna ábhartha eile taistil inbhuanaithe a chur chun cinn;
  • Uirlisí cur chun cinn, e.g. seastáin mheirge, ábhair chur chun cinn agus acmhainní léarscáilithe;
  • Rannpháirtíocht sna Dúshláin Siúil agus Rothaíochta, ar cláir bhliantúla um athrú iompraíochta iad, sna Gradaim Taistil Níos Cliste, in imeachtaí, agus i bpromóisin shéasúracha; agus
  • Seimineáir agus deiseanna líonraithe do chomhpháirtithe.

Mar chomhpháirtí cláir, sannfar Sainchomhairleoir ainmnithe Taistil Níos Cliste duit. Tacóidh an duine sin le d’eagraíocht an Plean Taistil don Áit Oibre uaithi a chur le chéile.

Déan teagmháil linn dá mba mhaith leat clár Thaisteal Níos Cliste TFI a phlé tuilleadh.