Comhartha um Smarter Travel Mark a Thabhairt Isteach
Is deimhniú trí shraith é an Smarter Travel Mark lena n-aithnítear agus lena gceiliúrtar eagraíochtaí a thacaíonn le taisteal gníomhach agus inbhuanaithe ar an timaistear agus níos faide anonn dá lucht saothair, do mhic léinn agus do chuairteoirí, agus úsáid carranna ag daoine aonair á laghdú mar thoradh air sin.
Féach ar an bhfíseán réamhléiritheach anseo:
Leibhéil an deimhnithe:
Cé atá in ann cur isteach ar an Smarter Travel Mark?
Tá iarratas ar an Smarter Travel Mark ar oscailt do láithreacha oibre agus do champais de mhéid ar bith ó na hearnálacha príobháideacha nó poiblí.
Conas a thacaíonn an Smarter Travel Mark le d’eagraíocht:
-
- Soláthraítear aitheantas náisiúnta do thiomantas d’eagraíochta do thaisteal gníomhach agus inbhuanaithe
- Déantar comhtháthú gníomhaíochta fisicí le timaistriú foirne agus mac léinn a chur chun cinn
- Feabhsaítear cáil agus clú d’eagraíochta mar fhostóir a thacaíonn le taisteal gníomhach agus inbhuanaithe
- Cuidítear le d’eagraíocht cleachtais maidir le taisteal gníomhach agus inbhuanaithe a thagarmharcáil i measc piaraí
Conas iarratas a chur isteach ar an Smarter Travel Mark:
- Comhlánaigh an Fhoirm Léirithe Spéise agus déanfaidh foireann Smarter Travel teagmháil leat.
- Freastail ar sheimineár gréasáin ina mínítear na céimeanna le glacadh chun an Smarter Travel Mark a bhaint amach.
- Cuir an fhoirm iarratais isteach.
- Ullmhaigh d’iniúchadh ar líne nó ar an láithreán chun an t-iarratas a dheimhniú.
- Bronnfar leibhéal óir, airgid nó cré-umha de dheimhniú an Smarter Travel Mark ar eagraíochtaí nó gheobhaidh siad moltaí maidir le feabhsuithe.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil faoi na céimeanna le glacadh chun an Smarter Travel Mark a bhaint amach féach ar an mbróisiúr thíos:


