Comhartha um Thaisteal níos Cliste

Comhartha um Thaisteal níos Cliste a Thabhairt Isteach

Is deimhniú trí shraith é an Comhartha um Thaisteal níos Cliste lena n-aithnítear agus lena gceiliúrtar eagraíochtaí a thacaíonn le taisteal gníomhach agus inbhuanaithe ar an timaistear agus níos faide anonn dá lucht saothair, do mhic léinn agus do chuairteoirí, agus úsáid carranna ag daoine aonair á laghdú mar thoradh air sin. 

 

Féach ar an bhfíseán réamhléiritheach anseo:


Leibhéil an deimhnithe:

Leibhéal óir: tá bearta den chéad scoth i bhfeidhm aige lena dtacaítear le timaistriú inbhuanaithe agus gníomhach agus tá sé tiomanta d’infheistíocht fhadtéarma agus do cheannasaíocht i dTaisteal níos Cliste
Leibhéal airgid: tá raon leathan de bhearta i bhfeidhm aige lena dtacaítear le timaistriú inbhuanaithe agus gníomhach agus tá sé tiomanta do bhearta breise maidir le Taisteal níos Cliste.
Leibhéal cré-umha: tá bearta bunúsacha i bhfeidhm aige lena dtacaítear le timaistriú inbhuanaithe agus gníomhach agus tá sé tiomanta do bhearta breise maidir le Taisteal níos Cliste.

 


Cé atá in ann cur isteach ar an gComhartha um Thaisteal níos Cliste?

Tá iarratas ar an gComhartha um Thaisteal níos Cliste ar oscailt do láithreacha oibre agus do champais de mhéid ar bith ó na hearnálacha príobháideacha nó poiblí.

Conas a thacaíonn an Comhartha um Thaisteal níos Cliste le d’eagraíocht:

    • Soláthraítear aitheantas náisiúnta do thiomantas d’eagraíochta do thaisteal gníomhach agus inbhuanaithe
    • Déantar comhtháthú gníomhaíochta fisicí le timaistriú foirne agus mac léinn a chur chun cinn
    • Feabhsaítear cáil agus clú d’eagraíochta mar fhostóir a thacaíonn le taisteal gníomhach agus inbhuanaithe
    • Cuidítear le d’eagraíocht cleachtais maidir le taisteal gníomhach agus inbhuanaithe a thagarmharcáil i measc piaraí

Conas iarratas a chur isteach ar an gComhartha um Thaisteal níos Cliste:

  1. Comhlánaigh an Fhoirm Léirithe Spéise agus déanfaidh foireann Taistil níos Cliste teagmháil leat.
  2. Freastail ar sheimineár gréasáin ina mínítear na céimeanna le glacadh chun an Comhartha um Thaisteal níos Cliste a bhaint amach.
  3. Cuir an fhoirm iarratais isteach.
  4. Ullmhaigh d’iniúchadh ar líne nó ar an láithreán chun an t-iarratas a dheimhniú.
  5. Bronnfar leibhéal óir, airgid nó cré-umha de dheimhniú an Chomhartha um Thaisteal níos Cliste ar eagraíochtaí nó gheobhaidh siad moltaí maidir le feabhsuithe.

 


Le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil faoi na céimeanna le glacadh chun an Comhartha um Thaisteal níos Cliste a bhaint amach féach ar an mbróisiúr thíos: