An oifig deartha rothaíochta

Bhunaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair Oifig Deartha Rothaíochta sa bhliain 2019. Is é príomhchuspóir na hOifige Deartha Rothaíochta ná seirbhísí deartha a sholáthar chun cabhrú le tionscadail rothaíochta a sholáthar i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath go háirithe ach sna Cathracha Réigiúnacha freisin.

Is é an príomhról atá ag an Oifig Deartha Rothaíochta ná scéimeanna éagsúla rothaíochta a fhorbairt trí chéimeanna deartha agus pleanála gach tionscadail, doiciméid tairisceana le haghaidh na tógála a chur le chéile agus an próiseas tairisceana le haghaidh na tógála a bhainistiú.

Agus í ag tabhairt faoi na tionscadail sin a fhorbairt, tabharfaidh an Oifig Deartha Rothaíochta faoi na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:

  • Staidéir indéantachta a dhéanamh agus staidéir mheasúnachta a dhéanamh ar roghanna bealaí;
  • Réamhdhearaí agus dearaí mionsonraithe a ullmhú;
  • Tuarascálacha pleanála agus comhshaoil a ullmhú le haghaidh ceaduithe reachtúla do scéimeanna;
  • Breithmheas a dhéanamh ar scéimeanna ar aon dul leis an gComhchreat Breithmheasa do Thionscadail Iompair;
  • Doiciméid tairisceana a ullmhú le haghaidh scéimeanna a thógáil;
  • Na próisis soláthair a bhainistiú le haghaidh conraitheoirí scéime a cheapadh;
  • Seirbhísí comhairle deartha a thabhairt d’údaráis áitiúla agus do dhearthóirí scéimeanna rothaíochta eile; agus
  • Tuarascálacha taighde a chur le chéile maidir le hiompar inbhuanaithe.

Tá príomhfhoireann deartha na hOifige Deartha Rothaíochta comhdhéanta d’fhoireann lánaimseartha triúir, lena n-áirítear bainisteoir tionscadail, dearthóirí agus teicneoirí. Bíonn acmhainní breise ar fáil ar bhonn páirtaimseartha de réir mar is gá chun tacú leis an obair atá á déanamh ag an Oifig Deartha Rothaíochta. Áirítear leo sin seirbhísí comhshaoil, innealtóireacht struchtúr agus seirbhísí ailtireachta tírdhreacha.

Maidir leis na scéimeanna rothaíochta atá á bhforbairt ag an Oifig Deartha Rothaíochta, tá siad comhdhéanta de roinnt scéimeanna a forbraíodh go díreach don Údarás agus de scéimeanna eile a forbraíodh thar ceann údaráis áitiúla.

Tá an fhoireann deartha ag díriú ar dtús ar scéimeanna Lár Cathrach Bhaile Átha Cliath agus ar dhearadh agus soláthar chlár na Lánaí Rothar Cosanta a thriail ar fud Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath.