MetroLink

Is é is MetroLink ann ná líne bheartaithe ardacmhainne ardmhinicíochta iarnróid idir Sord agus Charlemont, lena nasctar seirbhísí Aerfort Bhaile Átha Cliath, Iarnród Éireann, DART, Bhus Átha Cliath agus Luas.

Freastalófar leis ar chinn scríbe ríthábhachtacha amhail Sord, Aerfort Bhaile Átha Cliath, Baile Munna, Ospidéal Mater Misericordiae, Ospidéal an Rotunda, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide.

Soláthrófar le MetroLink amanna turais níos gasta agus níos iontaofa, agus cuid mhór den bhealach 19 gciliméadar leagtha faoi thalamh.

Fógraítear Mionsonraí faoi Bhealach Roghnaithe MetroLink