Pleananna forbartha

Laistigh de Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath

I gcás ina bhfaighidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair fógra ó údarás pleanála, déanfaidh sé, de réir alt 95 den Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath, tuarascáil a ullmhú agus a chur isteach maidir leis na saincheisteanna ar chóir, ina thuairim, iad a bhreithniú le linn an dréachtphlean forbartha a ullmhú. Luafar sa tuarascáil cé acu, ina thuairim, atá nó nach bhfuil an dréachtphlean forbartha i gcomhréir leis an straitéis iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Mura bhfuil sé i gcomhréir leis an straitéis, luafar inti cé na leasuithe is dóigh leis is gá chun an chomhréireacht sin a bhaint amach. Leanfar próiseas den chineál céanna le haghaidh aon aighneachtaí a dhéanfar maidir le plean forbartha a athrú. I ngach cás, is chuig an Aire Comhshaoil agus chuig an Aire Iompair a chuirfear cóipeanna d’aon aighneachtaí a dhéanfar.

Cliceáil ar na naisc thíos chun amharc ar na haighneachtaí ón Údarás Náisiúnta Iompair maidir le Pleananna Forbartha i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath agus maidir le haon athruithe nó leasuithe:

Cathair Bhaile Átha Cliath
Fine Gall
Dún Laoghaire-Ráth an Dúin
Baile Átha Cliath Theas
Cill Mhantáin
Cill Dara
An Mhí

Lasmuigh de Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath