An clár COVID

Tá an phaindéim Covid-19 ag déanamh difear do shaol gach duine dínn agus don dóigh a n-oibrímid, a sóisialaímid agus a ndéanaimid cumarsáid. Chomh maith leis sin, tá an phaindéim ag déanamh difear ollmhór dár gcóras iompair, agus na leibhéil reatha taistil á laghdú go mór, agus is dócha go n-athróidh sí ár bpatrúin ghluaiseachta go ceann i bhfad. Anuas air sin, tá sí ag dul i bhfeidhm go mór ar ghnóthais, ar dá bharr a bheidh a lán miondíoltóirí, bialann, caiféanna agus gnóthas eile ag obair ar bhealaí nua sna míonna fada atá le teacht.

Ina lán cathracha agus bailte ar fud na hÉireann, bhí sé riachtanach na socruithe sráide reatha a athbhreithniú chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca nua a eascraíonn as ceanglais scartha shóisialta agus as patrúin athraithe taistil.

Áirítear na nithe seo leis na cineálacha athruithe atáthar ag breithniú:

  • Cosáin a leathnú chun ciúáil lasmuigh de shiopaí a éascú agus chun scaradh sóisialta a chumasú;
  • Roinnt sráideanna a áirithiú do choisithe nuair is gá agus is indéanta chun scaradh sóisialta a éascú, go háirithe i gcás ina dtacóidh sé sin le gníomhaíochtaí gnó;
  • Córais aontreo a chur i bhfeidhm chun spás a chruthú le haghaidh cosáin a leathnú;
  • Agaí athraithe soilse tráchta a athrú chun fanacht/plódú coisithe a laghdú, agus roinnt céimeanna coisithe a ghníomhachtú go huathoibríoch chun cabhrú le gluaiseacht coisithe agus an teagmháil le brúchnaipí comharthaí a íoslaghdú;
  • Áiseanna sealadacha breise a sholáthar do choisithe; agus
  • Roinnt spáis sheachtraigh a sholáthar nuair is cuí chun tacú le gníomhaíochtaí gnó.

Níl sna nithe thuas ach roinnt samplaí den chineál athruithe atá á dtabhairt isteach i roinnt láithreacha agus a leanfar lena dtabhairt isteach sna seachtainí agus sna míonna romhainn. Tá sé beartaithe go dtabharfar na cineálacha sin beart isteach ar bhonn sealadach, ach ábhair réamhdhéanta amhail mullaird, coirceoga pionsail, lánaí orca agus táirgí comhchosúla a úsáid den chuid is mó.

Déanann an tÚdarás Náisiúnta Iompair, le tacaíocht ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, idir thacaíocht theicniúil agus thacaíocht airgeadais a sholáthar d’údaráis áitiúla atá ag tabhairt bearta ar an tsráid isteach chun cur ar chumas cathracha agus bailte feidhmiú faoi na himthosca nua a eascraíonn as an éigeandáil sláinte poiblí Covid-19.

Maidir le tacaíocht theicniúil, soláthraíonn an tÚdarás treoir agus cabhair chun bearta sealadacha atá oiriúnach d’imthosca ar leith a chinneadh agus a dhearadh. Maidir le tacaíocht airgeadais, déanann an tÚdarás, trí chistiú a thugann an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, cúnamh deontais iomlán a thabhairt do thograí éagsúla idirghabhála, faoi réir na tograí sin a bheith comhaontaithe leis an Údarás sula gcuirfear chun feidhme iad.