An tsamhail náisiúnta réamhaisnéise éilimh

Diagram of National Demand Forecasting Model.

NATIONAL DEMAND FORECASTING MODEL

AN tSAMHAIL NÁISIÚNTA RÉAMHAISNÉISE ÉILIMH

Car Ownership Model

An tSamhail um Úinéireacht Cairr

Car Competition Model

An tSamhail um Iomaíocht Cairr

Planning Data

Sonraí Pleanála

Planning Data Adjustment Tool

An Uirlis um Shonraí Pleanála a Choigeartú

National Trip-End Model

An tSamhail Náisiúnta um Chinn Turais

Car Availability

Infhaighteacht Cairr

Regional Model System Integration Tool

An Uirlis Comhtháthaithe Straitéiseach um Shamhlacha Réigiúnacha

Trip-End Integration Tool

An Uirlis Comhtháthaithe um Chinn Turais

REGIONAL MODEL

SAMHAIL RÉIGIÚNACH

 

Seasann SNRÉ don tSamhail Náisiúnta Réamhaisnéise Éilimh. Tá an tSamhail Náisiúnta Réamhaisnéise Éilimh ina córas náisiúnta aonair lena meastar cainníocht iomlán an éilimh laethúil ar thaisteal a tháirgeann gach ceann de na Limistéir Bheaga Dhaonáirimh agus a mhealltar chucu. Baineann giniúintí turais le tréithe criosacha amhail daonra, an líon fostaithe agus sonraí eile úsáide talún. Leis an tSamhail Náisiúnta Réamhaisnéise Éilimh, tugtar ionchur isteach sna samhlacha réigiúnacha. Úsáidtear léi sonraí pleanála chun leibhéil éilimh ar thaisteal a aschur de réir an chomhiomlánaithe spásúil is lú atá ar fáil (Limistéar Beag Daonáirimh) lena n-ionchur isteach i ngach ceann de na Samhlacha Réigiúnacha.

Áirítear leis an tSamhail Náisiúnta Réamhaisnéise Éilimh an tacar samhlacha agus uirlisí a úsáidtear chun leibhéil turas a dhíorthú ó shonraí pleanála lena n-ionchur isteach i ngach ceann de na samhlacha réigiúnacha. Áirítear iad seo a leanas leis na príomhghnéithe den tSamhail Náisiúnta Réamhaisnéise Éilimh:

  • Meánéileamh 24 huaire ag an Duine ar Laethanta den tSeachtain
  • Réamhaisnéisí maidir le Feithiclí Earraí Troma
  • Éileamh Idir-Réigiúnach
  • Leibhéil turas a aschur de réir an chomhiomlánaithe spásúil is lú atá ar fáil (Limistéar Beag Daonáirimh)
Comhpháirteanna den tSamhail Náisiúnta Réamhaisnéise Éilimh
  • An tSamhail Fadraoin
  • An Uirlis um Shonraí Pleanála a Choigeartú
  • An tSamhail um Úinéireacht Cairr/Iomaíocht Cairr
  • An tSamhail Náisiúnta um Chinn Turais
  • An Uirlis Comhtháthaithe Straitéiseach um Shamhlacha Réigiúnacha

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil sa tuarascáil maidir leis an tSamhail Náisiúnta Réamhaisnéise Éilimh, rud atá ar fáil ach é a iarraidh.