An córas um shamhaltú réigiúnach

Forbhreathnú ar an gCóras um Shamhaltú Réigiúnach

Is ionann an Córas um Shamhaltú Réigiúnach agus uirlis pleanála straitéisí iompair an Údaráis Náisiúnta Iompair. Tá an córas bunaithe ar chreat samhla clasaiceach ceithre chéim um shamhaltú iompair. Leis an gcóras, réamhaisnéisítear an t-éileamh ar an iompar i mbliain amach anseo bunaithe ar chásanna daonra agus fostaíochta agus sanntar an t-éileamh sin chuig gréasáin agus chuig seirbhísí. Tríd an gCóras um Shamhaltú Réigiúnach agus trí na huirlisí breithmheasa a ghabhann leis, soláthraítear anailís mhatamaiticiúil láidir chun tacaíocht a thabhairt do chinnteoirí agus do phleanálaithe. Úsáidtear an córas le linn mórthionscadail a bhreithmheas, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath
  • Straitéis Iompair na Gaillimhe
  • Straitéis Iompair Limistéar Cathrach Chorcaí
  • Straitéis Iompair Limistéar Cathrach Luimnigh-Shionainne
  • MetroLink
  • BusConnects
  • DART+
  • Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe
  • Scéim Draenála na Laoi Íochtaraí (Cathair Chorcaí)

Map of Ireland showing five regional models. West regional, East regional, Mid West regional, South East regional and South West regional models.

West Regional Model Samhail Réigiúnach an Iarthair
East Regional Model Samhail Réigiúnach an Oirthir
Mid-West Regional Model Samhail Réigiúnach an Iarthair Láir
South-East Regional Model Samhail Réigiúnach an Oirdheiscirt
South-West Regional Model Samhail Réigiúnach an Iardheiscirt

 

Na Comhpháirteanna den tSamhail

Is féidir a mheas go bhfuil an Córas um Shamhaltú Réigiúnach comhdhéanta de dhá ghné ar leith, is iad sin: an tSamhail Náisiúnta Réamhaisnéise Éilimh agus samhlacha éilimh agus sannacháin atá sonrach don réigiún. Tugtar na Samhlacha Réigiúnacha Ilmhódúla ar na samhlacha sin. Leis an tSamhail Náisiúnta Réamhaisnéise Éilimh, meastar an t-éileamh iomlán ar thaisteal ar bhonn náisiúnta. Leis na Samhlacha Réigiúnacha Ilmhódúla, meastar an rogha modha agus ceann scríbe agus tugtar faoi shannacháin do na gréasáin bhóithre, iompair phoiblí, siúil agus rothaíochta.

Uirlisí breithmheasa

Tá na hUirlisí Breithmheasa ina sraith chomhtháite uirlisí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag scéimeanna iompair ar chúrsaí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha.