Samhlacha réigiúnacha ilmhódúla

Tá cúig Shamhail Réigiúnacha Ilmhódúla ann sa Chóras um Shamhaltú Réigiúnach. Leis na Samhlacha Réigiúnacha Ilmhódúla, déantar an t-éileamh 24 huaire a tháirgtear leis an tSamhail Náisiúnta Réamhaisnéise Éilimh a thiontú ina maitrísí sonracha ama, modha agus ceann scríbe lena sannadh.

I dteannta na ngnáthiompraíochtaí turas amhail roghanna ama, ceann scríbe agus modha a léirítear i samhail chlasaiceach ceithre chéim, áirítear leis an tSamhail Réigiúnach Ilmhódúil freisin léiriú mionsonraithe ar an tionchar atá ag infhaighteacht agus costas páirceála sa cheann scríbe ar na roghanna sin. Féachtar inti freisin ar an tionchar atá ag turais chun na fíorchostais lena mbaineann a thuiscint agus cinntí á ndéanamh.

Tá ceithre phríomh-chomhpháirt ann den tSamhail Réigiúnach Ilmhódúil. Ritear dhá cheann de na comhpháirteanna sin ar bhonn atriallach go dtí go mbaintear cothromaíocht amach idir an t-éileamh ar thaisteal agus costas an taistil.

The four componets of Regional Multi-Modal Models.

Trip-End Integration

Comhtháthú um Chinn Turais

Demand

Éileamh

Assignment

Sannachán

Analysis

Anailís

Regional Multi-modal Models

Samhlacha Réigigiúnacha Ilmhódúla

 

Comhtháthú um Chinn Turais

Sa chéim Comhtháthaithe um Chinn Turais, tógtar na hionchuir ón tSamhail Náisiúnta Réamhaisnéise Éilimh agus tiontaítear iad ina gcinn turais 24 huaire agus isteach sa dí-chomhiomlánú cuí córais chreasa agus tréimhse ama lena n-úsáid sa tSamhail Éilimh Iomláin.

An tSamhail Éilimh Iomláin

Próiseáiltear leis an tSamhail Éilimh Iomláin sonraí faoin éileamh lae iomláin ar thaisteal ón gCéim Comhtháthaithe um Chinn Turais agus aschuirtear léi maitrísí taistil idir áit tionscnaimh agus ceann scríbe de réir modha do gach tréimhse ama.

Modúil Sannacháin

Faigheann modúil sannacháin na Samhlacha Sannacháin do na Bóithre, don Iompar Poiblí agus do Mhodhanna Gníomhacha na maitrísí turais a tháirgtear sa tSamhail Éilimh Iomláin. Trí na samhlacha sannacháin, sanntar na maitrísí ansin chun rogha bealaigh agus an costas ginearálaithe do phéirí áiteanna tionscnaimh agus ceann scríbe ina ngréasáin iompair faoi seach a chinneadh.

Sanntar leis an tSamhail Bóithre aschuir ón tSamhail Éilimh Iomláin (carranna paisinéirí) don ghréasán bóithre agus áirítear léi srianadh acmhainne, moilleanna soilse tráchta agus tionchar an bhrú tráchta.

Sanntar leis na Samhlacha don Iompar Poiblí agus do Mhodhanna Gníomhacha aschuir ón tSamhail Éilimh Iomláin (duinethurais) do na gréasáin iompair phoiblí, siúil agus rothaíochta. Breithnítear inti freisin tionchar an tsrianta acmhainne – amhail plódú ar fheithiclí iompair phoiblí – ar an gcostas a bhraitheann daoine a bheith ag baint leis an taisteal.

Anailís Thánaisteach

Is é atá sa Mhodúl Anailíse Tánaistí ná sraith feidhmchlár agus uirlisí is féidir a úsáid chun torthaí a achoimriú ó aon cheann de na chúig Shamhail Réigiúnacha Ilmhódúla laistigh den Chóras um Shamhaltú Réigiúnach.

Diagram of Regional Multi-Modal Model and Regional Modelling System from start to finish.