An scéim réigiúnach rothar

Soláthraíonn an tÚdarás córais rothar poiblí i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh.

Oibríonn An Rothar Nua an scéim, toisc gur bronnadh an conradh le haghaidh an scéim a reáchtáil air, agus tugtar ‘Rothair Coke Zero’ ar na rothair. 

Tríd an scéim, is féidir le rothaithe féideartha rothar a bhailiú ar chostas íseal ag stáisiún rothar agus é a fhágáil ansin ag ceann amháin de na stáisiúin éagsúla eile atá suite ar fud na cathrach.

Thionscain an tÚdarás tairiscint iomaíoch i mí na Samhna 2012 chun comhpháirtí a áirithiú don scéim. Chuaigh ceithre chuideachta isteach sa phróiseas tairisceana. Roghnaíodh Coca-Cola Ireland mar chomhpháirtí ag deireadh an phróisis.

Tá faisnéis faoi conas is féidir an córas a úsáid ar fáil ar shuíomh Gréasáin Rothair Coke Zero.