An clár DART+

Is é is an clár DART+ ann ná clár bunathraithe infheistíochta lena soláthrófar seirbhís iarnróid a bheidh inbhuanaithe, leictrithe, iontaofa agus minic, ar dá bharr a mhéadófar an acmhainn ar gach ceann de na conairí iarnróid a fhreastalaíonn ar Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath. Déanfar amhlaidh trí infheistiú i mbonneagar agus i bhflít traenacha nua.

An Clár DART+

Is é is an Clár DART+ ann ná clár oibre a gcruthóidh na tionscadail chomhpháirteacha de lánghréasán uirbeach DART, áit a mbeidh nasc agus ceangal ann idir na línte uile agus a mbreiseofar go mór minicíocht na seirbhísí agus acmhainn na seirbhísí.

Is iad seo na príomhghnéithe den chlár:

  • Seirbhís nua DART go Maigh Nuad/Slí Pháirceála an M3 ar Líne Shligigh
  • Seirbhís nua DART go Collchoill agus go Cill Droichid ar Líne Chill Dara
  • Seirbhís bhreisithe DART go Bré/go dtí na Clocha Liatha ar Líne an Oirdheiscirt
  • Seirbhísí nua DART idir Lár na Cathrach agus Droichead Átha ar Líne an Tuaiscirt
  • Traenacha breise a cheannach chun tacú le seirbhísí nua agus breisithe DART
  • An bonneagar iarnróid atá ann cheana i lár na cathrach a uasghrádú agus a athchumrú
  • Roinnt crosairí comhréidhe a bhaint chun an choinbhleacht idir an t-iarnród agus an bóthar a laghdú, ar coinbhleacht í a chuireann teorainn le hacmhainn traenach
  •  Na hoibreacha sibhialta agus droichid uile a theastaíonn chun freastal ar leictriú, chun conairí a leathnú agus chun an leibhéal seirbhíse a mhéadú
  • Uasghráduithe ar an mbonneagar comharthaíochta agus cumarsáide chun sábháilteacht a fheabhsú agus chun tacú leis an minicíocht agus an iontaofacht a mhéadú

Is é an toradh a bheidh ar an gClár DART+ ná go rachfar chun tairbhe do phobail, do chomaitéirí, dár ngeilleagar agus don tsochaí ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear:

  • Bunsprioc inghnóthaithe faoin bPlean Gníomhaíochta don Aeráid le haghaidh spriocanna iompair na hÉireann a bhaint amach
  • Méadófar an líon áiteanna do phaisinéirí agus minicíocht na seirbhísí traenach go mór mar thoradh ar an tionscadal seo.
  • Torthaí eile a bheidh ar an gClár DART+ is ea go gcuirfear ar chumas níos mó daoine roghanna taistil inbhuanaithe a dhéanamh agus go rannchuideofar le hastaíochtaí i mBaile Átha Cliath a laghdú, agus rogha iontaofa eile ar charranna príobháideacha á soláthar ag an am céanna.
  • Go háirithe, freagróidh an Clár DART+ do shrianta gréasáin agus do mhéaduithe san éileamh trí úsáid a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana agus acomhail bhreise le modhanna eile iompair phoiblí a fhorbairt.
  • Bíonn an daonra i mBaile Átha Cliath agus sna limistéir mórthimpeall ag méadú go mear agus bíonn an chathair á tachtadh ag an trácht. Teastaíonn infheistíocht san iompar poiblí chun fás geilleagrach agus fás faoin daonra a chothabháil ar fud Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath.
  • Toradh eile a bheidh ar an gClár DART+ is ea go mbreiseofar an rochtain réigiúnach iarnróid throm ar lár na cathrach agus amach as trí mhinicíochtaí a mhéadú, go háirithe le linn buaicuaireanta.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gclár iontach feabhsúcháin seo, téigh chuig an gClár DART+.