An clár inrochtaineachta iompair phoiblí

Cuireann an tÚdarás Náisiúnta Iompair riachtanais inrochtaineachta daoine san áireamh nuair a bhíonn gach tionscadal nua bonneagair iompair á ndearadh agus nuair a bhíonn gach feithicil iompair á gceannach.

Bus agus Iarnród

Cuireadh an bonneagar bus agus iarnróid atá ann cheana i bhfeidhm cuid mhór blianta ó shin. Mar sin, is mórfhiontar é anois an bonneagar a dhéanamh inrochtana.

Tá sé mar aidhm leis an gClár Inrochtaineachta Iompair Phoiblí tionscadail a chistiú chun an bonneagar bus agus iarnróid a oiriúnú agus leithdháilfear beagnach €28 milliún ar an gclár iarfheistithe inrochtaineachta idir na blianta 2018 agus 2021.

Faoin gclár, déanann an tÚdarás maoirseacht ar na tionscadail inrochtaineachta a sheoltar i stáisiúin iarnróid chun feabhas a chur ar rochtain agus chun ardaitheoirí a sholáthar ar mhaithe le rochtain ar ardáin iompair a éascú. Déanann sé maoirseacht freisin ar an obair a dhéantar chun stadanna bus nua a shuiteáil ag stáisiúin bhus ar mhaithe le cóistí ardurláir a chumasú paisinéirí i gcathaoireacha rothaí a bhailiú.

I mbailte inar mó an daonra ná 5,000 duine, tá sé mar aidhm ag an Údarás Náisiúnta Iompair, le tacaíocht ó gach Údarás Áitiúil, stad bus inrochtana amháin a sholáthar i ngach treo ar mhaithe le cóistí a chumasú paisinéirí i gcathaoireacha rothaí a bhailiú.

Tacsaí agus Fruilcharr

Tugann an tÚdarás deontais do thiománaithe tacsaí agus fruilchairr chun feithicil nua atá oiriúnach do chathaoir rothaí a cheannach nó chun feithicil atá ann cheana a thiontú chun go mbeidh sí oiriúnach do chathaoir rothaí.

Ní mór d’iarratasóirí freastal ar chúrsa Scileanna agus Forbartha chun cur leis an bhfeasacht atá acu ar shaincheisteanna míchumais agus ní mór do gach iontrálaí nua sa tionscal feithicil atá oiriúnach do chathaoir rothaí a bheith acu.

Ó tugadh na bearta sin isteach, méadaíodh an sciar d’fheithiclí atá oiriúnach do chathaoir rothaí go 15% den fhlít ar fad.

An Scéim Cúnaimh Taistil

Leanann an tÚdarás le tacaíocht a thabhairt don Scéim Cúnaimh Taistil, a bhfuil mar aidhm léi cur leis an muinín atá ag daoine faoi mhíchumas as an iompar poiblí a úsáid.

Is seirbhís in aisce í atá á reáchtáil ag Bus Átha Cliath. Tá an scéim ar fáil laistigh de Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath do dhaoine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine.

Faoin scéim, bíonn cúntóir ar fáil chun dul in éineacht le daoine a dteastaíonn cúnamh uathu agus an t-iompar poiblí á úsáid acu agus chun comhairle a thabhairt maidir le conas is féidir turas a phleanáil ar sheirbhísí Bhus Átha Cliath, Luas, DART agus Go-Ahead Ireland.