Iarratais phleanála

Laistigh de Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath

De réir Airteagal 28(1)(l) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna ionadú le hAirteagal 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2006, ceanglaítear ar an Údarás Náisiúnta Iompair aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh maidir le hiarratais phleanála i gcás ina bhféadfadh forbairt tionchar suntasach a imirt ar an iompar de mhuir is tír i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath. Tá na haighneachtaí ón Údarás ar fáil mar chuid den chomhad pleanála poiblí a choinnítear in oifigí na nÚdarás Áitiúil nó ar a suíomhanna Gréasáin.