Luas Fhionnghlaise

Is é is Luas Fhionnghlaise ann ná an síneadh le Líne Ghlas Luas ó Dhroichead Broome go Baile Shéarlais trí Fhionnghlas. Is é an toradh a bheidh air ná go gcuirfear ceithre stad nua leis an líne agus go gcruthófar nasc tábhachtach iompair phoiblí idir pobail Bhaile Shéarlais, Shráidbhaile Fhionnghlaise, Fhionnghlaise Thiar, cheantar San Eiléana, Ghleann na Tulchann agus lár na cathrach.

D’fhorbair an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Bonneagar Iompair Éireann an Bealach is Dealraithí a Roghnófar le haghaidh Luas Fhionnghlaise agus tá siad ag tabhairt cuireadh do gach duine, idir gheallsealbhóirí agus dhaoine den phobal, a dtuairimí ar an mbealach beartaithe a chur in iúl.

Is ar raon féir den chuid is mó a thógfar Luas Fhionnghlaise, rud ar nuálaíocht tharraingteach in Éirinn é. Ina theannta sin, tógfar cosán rothar agus coisithe feadh an-chuid den líne, rud lena soláthrófar rochtain a thacóidh le teaghlaigh agus a bheidh inbhuanaithe agus áisiúil idir pobail thuaisceart na cathrach agus lár na cathrach.

Is féidir tuilleadh sonraí faoin mbealach roghnaithe a fháil ar shuíomh Gréasáin Luas Fhionnghlaise.