Uirlisí breithmheasa

Soláthraítear leis na modúil bhreithmheasa sraith iomlán uirlisí breithmheasa atá ar aon dul leis an treoir náisiúnta. Bíonn idirghníomhaíocht ann idir na modúil agus an Córas um Shamhaltú Réigiúnach chun na sonraí a theastaíonn chun scéimeanna, beartais agus straitéisí a bhreithmheas a asbhaint.

Breithmheas Comhshaoil

Leis an Uirlis Breithmheasa Comhshaoil, baintear leas as Cube Voyager agus as ENEVAL (Samhail Meastóireachta Comhshaoil) chun an tionchar a bheidh ag an iompar ar an gcomhshaol a mheas sna réimsí seo a leanas:

  • Astaíochtaí thruailleáin cháilíocht an aeir
  • Astaíochtaí gás ceaptha teasa

Is féidir amharc ar an Tuarascáil Sonraíochta Comhshaoil trí chóip den tuarascáil a iarraidh ó ntamodel@nationaltransport.ie.

Figure of annual CO2 Emissions (kg) in the East Regional Model.

Fíor: Astaíochtaí Bliantúla CO2 (kg) i Samhail Réigiúnach an Oirthir

Legend Eochair eolais

 

Breithmheas Sábháilteachta

Leis an Uirlis Sábháilteachta, déantar anailís ar an tionchar atá ag timpistí bóthair do scéimeanna iompair. Tá an próiseas bunaithe ar bhogearraí nuashonraithe COBALT, atá in úsáid ag Bonneagar Iompair Éireann. Tá an breithmheas sábháilteachta bunaithe ar chomparáid a dhéanamh idir an líon timpistí ar an ngréasán iompair de réir déine agus na costais lena mbaineann, áit a n-úsáidtear cás inar cuireadh scéim i bhfeidhm agus cás nár cuireadh scéim i bhfeidhm ann.  Is iad na hionchuir sa phróiseas ná saintréithe samhaltaithe an ghréasáin bhóithre amhail cineál naisc, fad bóthair, luasteorainneacha, rátaí agus costais timpiste agus méideanna samhaltaithe réamh-mheasta tráchta.

Is féidir amharc ar an Tuarascáil Sonraíochta Sábháilteachta trí chóip den tuarascáil a iarraidh ó ntamodel@nationaltransport.ie.

Figure of average annual fatalities by regional model and road.

Tástáil Bailíochtaithe: Básanna Bliantúla ar na Bóithre

Average Annual Fatalities by Regional Model Meánbhásanna Bliantúla de réir na Samhla Réigiúnaí
ERM Samhail Réigiúnach an Oirthir
WRM Samhail Réigiúnach an Iarthair
SERM Samhail Réigiúnach an Oirdheiscirt
SWRM Samhail Réigiúnach an Iardheiscirt
MWRM Samhail Réigiúnach an Iarthair Láir
   
RMS Córas um Shamhaltú Réigiúnach
RSA Observed Arna mbreathnú ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre
Average Annual Road Fatalities Meánbhásanna Bliantúla ar na Bóithre

 

Breithmheas Sláinte

Is é atá i gceist leis an Uirlis Breithmheasa Sláinte ná bonn a thabhairt trínar féidir ríomh a dhéanamh ar na tairbhí a bhaineann le hathruithe ar leibhéil ghníomhaíochta fisiciúla agus ar leibhéil neamhláithreachta mar thoradh ar mhéadú ar ghníomhaíocht siúil agus rothaíochta. Is í an Uirlis Breithmheasa Sláinte agus Eacnamaíoch ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an bonn don mhodúl sláinte. Ríomhtar leis an modúl na tairbhí sláinte a bhaineann le hathruithe ar ghníomhaíocht fhisiciúil mar thoradh ar athruithe i ngníomhaíocht siúil agus rothaíochta.

Is féidir amharc ar an Tuarascáil Sonraíochta Sláinte trí chóip den tuarascáil a iarraidh ó ntamodel@nationaltransport.ie.

Breithmheas Eacnamaíoch

Leis an Uirlis Breithmheasa Eacnamaíoch, úsáidtear bogearraí TUBA chun Breithmheas Costais is Tairbhe a dhéanamh i gcomhréir leis an treoir agus na paraiméadair ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

Is iad seo a leanas na príomh-aschuir as an modúl Breithmheasa Eacnamaíoch:

  • Costais agus tairbhí ar bhonn Earnáil go hEarnáil
  • Cóimheas idir Tairbhí agus Costais
  • Tairbhí airgeadais na scéime ar feadh tréimhse 30 bliain.
  • Breithmheas Inrochtaineachta agus Cuimsithe Shóisialta

Is féidir amharc ar an Tuarascáil Sonraíochta Eacnamaíche trí chóip den tuarascáil a iarraidh ó ntamodel@nationaltransport.ie.

Breithmheas Inrochtaineachta agus Cuimsithe Shóisialta

Úsáidtear trí thomhas san Uirlis Breithmheasa Inrochtaineachta agus Cuimsithe Shóisialta chun athruithe inrochtaineachta agus cuimsithe shóisialta a mheas, bunaithe ar chás inar cuireadh scéim i bhfeidhm agus ar chás nár cuireadh scéim i bhfeidhm ann.  Is iad seo a leanas na tomhais sin: Tomhas Ama Taistil; Tomhas Simplí Hansen don mheasúnú Inrochtaineachta; agus Táscaire Ioncambhunaithe Geografach Tairbhí Úsáideora don mheasúnú Cuimsithe Shóisialta.

Is féidir amharc ar an Tuarascáil Sonraíochta Inrochtaineachta trí chóip den tuarascáil a iarraidh ó ntamodel@nationaltransport.ie.

Figure of walk times for access to Primary Schools in Dublin

Fíor: Amanna siúil chuig Bunscoileanna i mBaile Átha Cliath

Legend Eochair eolais
Origin Zone Crios Bunaidh
Travel Times Amanna Taistil
Travel Time Am Taistil
< 5 min < 5 nóiméad
5 – 10 min 5 – 10 nóiméad
10 – 15 min 10 – 15 nóiméad
15 – 20 min 15 – 20 nóiméad
20 – 25 min 20 – 25 nóiméad
25 – 30 min 25 – 30 nóiméad
20 – 35 min 30 – 35 nóiméad
35 – 40 min 35 – 40 nóiméad
40 – 45 min 40 – 45 nóiméad
45 – 50 min 45 – 50 nóiméad
50 – 55 min 50 – 55 nóiméad
55 – 60 min 55 – 60 nóiméad
>60 min > 60 nóiméad
EDU_PRI OID_BUN
Primary Schools Bunscoileanna