An plean comhtháite forfheidhmithe 2019-2024

Ceanglaítear le halt 13(1) den Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath, 2008, ar an Údarás, tar éis don Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt straitéis iompair a cheadú don réigiún, plean comhtháite forfheidhmithe lena gcumhdaítear tréimhse sé bliana a ullmhú. Ceadaíodh an Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2016-2035 i mí Feabhra 2016.

Ailíníodh ullmhú an Phlean Chomhtháite Forfheidhmithe sin (an Plean) le hathbhreithniú caiteachais chaipitil an rialtais, rud a tosaíodh sa bhliain 2016 agus a críochnaíodh i mí Feabhra 2018 tráth fhoilsiú an Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027.

De réir an Achta um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath, cuimsíonn an Plean na nithe seo a leanas:

  • Clár infheistíochta bonneagair, lena n-aithnítear na cuspóirí fíorthábhachtacha agus na haschuir fhíorthábhachtacha a bheidh le saothrú ag an Údarás thar thréimhse an Phlean;
  • Na gníomhartha a bheidh le déanamh ag an Údarás chun a chinntiú go ndéanfar bonneagar iompair phoiblí a chomhtháthú go héifeachtach thar thréimhse an Phlean;
  • Plean seirbhíse comhtháite, lena n-aithnítear na cuspóirí fíorthábhachtacha agus na haschuir fhíorthábhachtacha a bheidh le saothrú ag an Údarás i ndáil le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a sholáthar thar thréimhse an Phlean;
  • Na gníomhartha a bheidh le déanamh ag an Údarás i ndáil le beagfheithiclí seirbhíse poiblí;
  • Na gníomhartha a bheidh le déanamh ag an Údarás chun a chinntiú go ndéanfar seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a chomhtháthú go héifeachtach thar thréimhse an Phlean; agus
  • Cibé nithe eile is cuí leis an Údarás nó a fhorordóidh an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

Is féidir an Plean Comhtháite Forfheidhmithe 2019-2024 (i nGaeilge agus i mBéarla araon) agus na doiciméid timpeallachta a ghabhann leo a íoslódáil ó na naisc thíos.

Is féidir na doiciméid a ghabhann leis an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus leis an Measúnacht Chuí a fháil ag deireadh na Straitéise Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath anseo.