Forbairt bonneagair

Laistigh de Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath

Forbairt Bonneagair Straitéisigh

De réir Airteagal 211(2) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2006, is comhlacht forordaithe é an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus féadfaidh sé aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh maidir le forbairtí bonneagair straitéisigh a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar an iompar de mhuir is tír i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath. Is féidir amharc ar na haighneachtaí sin mar chuid de na comhaid phleanála poiblí a choinnítear in oifigí an Bhoird Phleanála.